An tOchtú Leasú ar an mBunreacht

Tá cúig ábhar leagtha amach sa Rún ina gceadaítear bunú an Tionóil atá le breithniú ag an Tionól.  An chéad cheann díobh seo ná an tOchtú Leasú ar an mBunreacht. 

Sceideal na gCruinnithe

I dtús na haimsire, bhí sé i gceist go mbeadh ceithre chruinniú ann chun an tOchtú Leasú a bhreithniú. Ag an Seisiún Príobháideach den chruinniú i mí Eanáir, áfach, vótáil baill an Tionóil go mbeadh deireadh seachtaine breise ann chun an tOchtú Leasú a bhreithniú.  

Tá clár oibre athbhreithnithe ullmhaithe chun na hathruithe seo a léiriú agus is féidir é a fheiceáil anseo

Tá an Tionól an tOchtú Leasú a bhreithniú, mar seo a leanas: 

  1. 26-27 Samhain 2016
  2. 7-8 Eanáir 2017
  3. 4-5 Feabhra 2017
  4. 4-5 Márta 2017
  5. 22-23 Aibreán 2017

Cliceáil ar an dáta thuas chun ábhar a cuireadh faoi bhráid an Tionóil an deireadh seachtaine sin a fheiceáil.  

Aighneachtaí

Thug an Tionól cuireadh do dhaoine den phobal, do ghrúpaí ionadaíochta agus d'eagraíochtaí saoránach aighneacht a dhéanamh ar an ábhar seo. Osclaíodh an próiseas aighneachtaí go foirmeálta an 14 Deireadh Fómhair 2016 agus dúnadh é ag 5pm an 16 Nollaig 2016.

Cliceáil anseo chun aighneachtaí a bhaineann leis an Ochtú Leasú ar an mBunreacht agus a fuarthas ó bhaill den phobal agus ó ghrúpaí leasmhara a fheiceáil.

Moltaí

Sa chéad bhallóid, vótáil 87% de chomhaltaí nár cheart Airteagal 40.3.3° de Bhunreacht na hÉireann a choinneáil ina iomláine.

Sa dara ballóid, vótáil 56% de chomhaltaí go leasófaí  Airteagal 40.3.3° de Bhunreacht na hÉireann nó go gcuirfí airteagal eile ina áit.

Sa tríú ballóid, mhol 57% de Chomhaltaí gur cheart foráil bhunreachta a chur isteach in áit Airteagal 40.3.3°, lena dtabharfaí údarás go sainráite don Oireachtas aghaidh a thabhairt ar fhoirceannadh toirchis, cearta na mbeo agus cearta na mná torrach. I bhfocail eile, is ceist a bheadh ann don Oireachtas cinneadh a dhéanamh maidir le reachtaíocht a rith ar na saincheisteanna seo.  

Rinne comhaltaí an Tionóil moltaí trí vóta ballóide chuig an Oireachtas maidir leis na nithe a chóir a bheith san áireamh sa reachtaíocht seo. Na cúiseanna go sonrach, más ann dóibh, ar cheart foirceannadh toirchis a bheith dleathach in Éirinn, chomh maith le haon teorainn a cheart a bheith i bhfeidhm i dtaobh fhad an toirchis.

Tá sé molta ag 64% de Chomhaltaí gur cheart go mbeadh foirceannadh toirchis gan aon srianta dleathach. As an ngrúpa Comhaltaí sin:

        • Tá sé molta ag 48% díobh gur cheart go mbeadh foirceannadh toirchis gan aon srianta dleathach suas go dtí 12 seachtain toirchis agus sin amháin.
        • Tá sé molta ag 44 % díobh gur cheart go mbeadh foireceannadh toirchis gan aon srianta dleathach suas go dtí aois 22 seachtain toirchis agus sin amháin.
        • Tá sé molta ag 8% díobh gur cheart go mbeifí in ann toircheas a fhoirceannadh beag beann ar fhad an toirchis.

Ina theannta sin, mhol formhór de Chomhaltaí an Tionóil trí vóta ballóide na cúiseanna seo a leanas, ar chóir go mbeadh foirceannadh toirchis dleathach in Éirinn:

        • Sa chás go mbeadh baol dáiríre fisiciúil agus substaintiúil i gceist don bhean (99%)
        • Sa chás go mbeadh baol dáiríre agus substaintiúil ann go gcuirfeadh an bhean lámh ina bás féin (95%)
        • Sa chás go mbeadh baol tromchúiseach i gceist do shláinte fisiciúil na mná (93%)
        • Sa chás go mbeadh baol tromchúiseach i gceist do mheabhairshláinte na mná (90%)
        • Sa chás go mbeadh baol tromchúiseach i gceist do shláinte na mná (91%)
        • Sa chás go mbeadh sláinte fisiciúil na mná i mbaol  (79%)
        • Sa chás go mbeadh meabhairshláinte na mná i mbaol (78%)
        • Sa chás go mbeadh sláinte na mná i mbaol (78%)
        • Sa chás go bhfuil an bhean torrach de bharr éignithe (89%)
        • Go bhfuil mínormáltacht ag baint leis an bhféatas agus go meastar go gcaillfear é roimh a bhreith nó go gairid ina dhiaidh (89%)
        • Go bhfuil mínormáltacht shuntasach ag baint leis an bhféatas ach nach meastar go gcaillfear é roimh a bhreith nó go gairid ina dhiaidh (80%)
        • Cúiseanna Socheacnamaíochta (72%)

Maidir leis na cúiseanna thuasluaite sin ar fad, rinne na Comhaltaí moltaí faoi theorainneacha a cheart a bheith i bhfeidhm i dtaobh fhad an toirchis, más infheidhme.

Moltaí Coimhdeacha

Léirigh na Comhaltaí gur theastaigh uathu saincheisteanna beartais níos leithne a phlé seachas díreach athruithe dlíthiúla i gcónaí, a bhí léirithe i moltaí an Tionóil. Tráthnóna Dé Domhnaigh, bhí deis ag na Baill moltaí coimhdeacha a dhéanamh ar an ábhar.  Ar na chúig mholadh choimhdeacha a chuir an Cathaoirleach san áireamh sa tuarascáil deiridh bhí:

    1. Gur chóir an t-oideachas sláinte gnéis agus caidreamh, lena n-áirítear réimsí frithghiniúna agus toilithe, i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna, coláistí, clubanna óige agus eagraíochtaí eile atá bainteach le hoideachas agus le hidirghníomhú le daoine óga a fheabhsú.
    2. Rochtain níos fearr ar sheirbhísí cúram sláinte síolraithe a bheith ar fáil do gach bean – le seirbhísí pleanála clainne, cúram ospíse imbhreithe agus foirceannadh toirchis a thabhairt san áireamh más gá.
    3. Ba chóir go mbeadh rochtain ag gach bean ar an gcaighdeán céanna cúram cnáimhsí, lena n-áirítear, luathscanadh agus luaththástáil.  Ba chóir go mbeadh seirbhísí ar fáil do gach bean ar fud na tíre beag beann ar shuíomh geografach nó ar imthosca socheacnamaíocha
    4. Ba chóir feabhsúcháin a dhéanamh ar fud na tíre ó thaobh saoráidí comhairleoireachta agus tacaíochta do mhná atá torrach agus le linn toirchis agus, má gá, tar éis deireadh a chur le toircheas.
    5. Ba chóir tuilleadh breithnithe a dhéanamh ar cé a dhéanfaidh maoiniú agus a thabharfaidh faoi dheireadh a chur le toircheas in Éirinn.

Bhí díchoiriúlú a dhéanamh ar ghinmhilleadh, lena n-áirítear úsáid piollairí frithghiniúnacha; agus aitheantas agus cosaint a dhéanamh ar orgáin atáirgthe baineanna agus féinriar; curtha ar fáil freisin i bhfreagraí na gComhaltaí.

Tuairiscí

De réir Rún Thithe an Oireachtais ag ceadú an Tionóil, chuir an Cathaoirleach, An tOnórach Mary Laffoy, a Tuarascáil agus Moltaí Deiridh faoi bhráid Thithe an Oireachtais an 29 Meitheamh 2017. Foilsíodh freisin í an lá céanna ar an láithreán gréasáin agus tá sí ar fáil anseo

An Comhchoiste Oireachtais ar an Ochtú Leasú ar an mBunreacht

De réir Rún Dhá Theach an Oireachtais ag ceadú an Tionóil, rinne Comhchoiste Dhá Theach an Oireachtais tuarascáil agus moltaí deiridh an Tionóil a mheas.

Tháinig an tOnórach Mary Laffoy os comhair an Chomhchoiste an 20 Meán Fómhair 2017. Tá cóip d'aitheasc an Chathaoirligh ar fáil anseo(PDF),agus tá tras-scríbhinn de chruinniú an Choiste ar fáil ar láithreán gréasáin an Oireachtais anseo.

Tá litir a chuir an Cathaoirleach chuig an Seanadóir Catherine Noone, Cathaoirleach an Chomhchoiste ar an Ochtú Leasú ar an mBunreacht, ag déanamh soiléiriú ar mholadh beacht an Tionóil maidir le Cúis 13 ar Bhallóid 4B ar fáil anseo. Léigh an Seanadóir Noone an soiléiriú ar an taifead ag cruinniú poiblí an Choiste an 11 Deireadh Fómhair 2017.

Bhí cruinniú ag an gCoiste i seisiún poiblí idir Meán Fómhair agus Nollaig 2017. Tá tras-scríbhínní d'imeachtaí poiblí an Choiste le fáil anseo

Foilsíodh a thuarascáil an 20 Nollaig 2017 agus tá an tuarascáil ar fáil anseo

Tá tuilleadh eolais ar obair an Choiste le fáil ar láithreán gréasáin Thithe an Oireachtais - www.oireachtas.ie

An Reifreann um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht

Thionscain an tAire Sláinte Simon Harris T.D. An Bille um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2018 i nDáil Éireann an 7 Márta 2018, agus an 9 Márta 2018 chuir sé an Bille chun cinn go dtí an dara céim. Ar an mbille a rith sa Dáil an 21 Márta 2018 chuaigh an Bille go Seanad Éireann lena bhreithniú an 27 agus 28 Márta 2018.

Leagtar amach sa Bhile go ndéanfaí Airteagal 40.3.3° a aisghairm agus go dtiocfadh an foráil a leanas  "Féadfar socrú a dhéanamh le dlí chun foirceannadh toirchis a rialáil." ina áit.

Sular tionóladh an reifreann d'fhoilsigh an tAire Sláinte Scéim Ghinearálta - Bille um Fhoirceannadh Toirchis a Rialáil. An fheidhm a bhí leis dréacht-thogra den reachtaíocht a bheadh i gceist ag an Rialtas a achtú sa chás go n-éireodh leis an reifreann a chur ar fáil do thoghthóirí. 

Tionóladh an reifreann an 25 Bealtaine 2018.  D'éirigh leis an reifreann le tromlach 66.4% ina fhabhar. 

De réir Airteagal 46.5 den Bhunreacht agus Acht an Reifrinn 1994, síneoidh an tUachtarán an Bille ina dhlí 7 lá i ndiaidh fhoilsiú dheimhniú sealadach an reifrinn san Iris Oifigiúil agus in éagmais aon agóid dlí i gcoinne an toraidh. 

Cartlann na bhFíseán

Beifear ábalta breathnú ar fhíseán cartlainne anseo.