An Ceathrú Cruinniú den Tionól Saoránach maidir leis an Ochtú Leasú ar an mBunreacht

Tháinig an Tionól Saoránach le chéile arís an 4-5 Márta 2017 dá cheathrú cruinniú chun an tOchtú Leasú a bhreithniú. 

An ceathrú cruinniú den Tionól Saoránach maidir leis an Ochtú Leasú - Clár Oibre

Cainteoirí Dlí an tSathairn 

Is féidir an t-aitheasc a thug an Cathaoirleach don Tionól maidin Dé Sathairn a léamh anseo.

Cuireadh trí chur i láthair dlí faoi bhráid an Tionóil ag an seisiún maidin Dé Sathairn.

Seisiún 1: Ról Airteagal 40.3.3° i gcinnteoireacht leighis agus tuismitheoirí

Is abhcóide í Emily Egan atá i mbun cleachtaidh le breis agus 20 bliain. Rinne Emily staidéar ar an dlí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus bhain sí céim amach i 1991. Bhain sí Iarchéim (LLB) amach in Ollscoil Oxford. Glaodh chun an Bharra í i 1994 agus cheap an Rialtas ina hAbhcóide Sinsearach í in 2010. Is ag plé le dlí cúraim sláinte agus dlí leighis, riaracháin, bunreachta agus rialála is mó a bhíonn Emily. Cuireann Emily comhairle ar fáil do réimse leathan comhlachtaí reachtúla. Lena chois sin, feidhmíonn Emily mar Mheasúnóir Dlí ag Comhairle na nDochtúirí Leighis, Cumann Cógaiseoirí na hÉireann (an Rialtóir Cógaisíochta), agus Comhairle Fiaclóireachta na hÉireann i ndáil le fiosruithe a bhaineann le Feidhmiúlacht chun Cleachtadh agus gearáin maidir le mí-iompar gairmiúil. Tá Emily ina hIdirghabhálaí Creidiúnaithe de chuid an CEDR ón mbliain 2008. Feidhmíonn sí mar Idirghabhálaí agus Eadránaí araon agus réimse leathan díospóidí á socrú.

Chomh maith leis an bpáipéar a chuir an Uasail Egan i láthair "Ról Airteagal 40.3.3° i gcinnteoireacht leighis agus tuismitheoirí", bhí taispeántas sleamhnán ar fáil. 

Bhí roinnt mearbhaill ann le linn an tseisiúin Ceisteanna & Freagraí a bhí ar siúl i ndiaidh chur i láthair Ms. Egan maidir leis an ról a bhí ag an 8ú Leasú i dtaobh comhthoiliú le linn breithe. Tá tras-scríbhinn den chuid sin den seisiún Ceisteanna & Freagraí ar fáil anseo. Is mian le Cathaoirleach an Tionóil, an Breitheamh Mary Laffoy a shoiléiriú nach raibh sé i gceist ag Ms. Egan a thabhairt le fios nach bhféadfadh neamhchinnteacht teacht chun cinn ón 8ú Leasú nó nach mbeadh tionchar ag an 8ú Leasú ar chleachtadh míochaine i gcásanna dá leithéid. Ní raibh sé i gceist aici ach oiread a thabhairt le fios nach bhféadfadh deacrachtaí a theacht chun cinn ó taobh na praiticiúlachta de i bhfianaise neamhchinnteacht a bheith ann faoin uair a bhfuil baol ann nó, mar atá ráite sa Bheartas Náisiúnta maidir le Comhthoiliú “baol tromchúiseach” ann do bheatha an fhéatais.

Is féidir féachaint siar anseo ar chur i láthair an Uasail Egan don Tionól.

Seisiún 2: Cearta Bunreachtúla an Linbh Gan Bhreith Laistigh den Ochtú Leasú agus Ina Dhiaidh

Tá John O'Dowd ina léachtóir i nDámh an Dlí (Scoil an Dlí anois) i UCD ó 1991, áit a múineann sé dlí conartha, dlí bunreachta, dlí riaracháin, dlí na meán agus dlí an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine. Tá sé ina chomheagarthóir (in éineacht leis an Ollamh Giuseppe Franco Ferrari) ar an leabhar 75 Years of the Constitution of Ireland: An Irish-Italian Dialogue (Clarus Press, 2014), agus ta a lán caibidlí leabhair agus alt irise scríofa aige ar dhlí bunreachta agus ar chearta an duine. Tá sé ina bhall den Ghrúpa Eorpach um Dlí Poiblí. Is minic é ag trácht ar cheisteanna a bhaineann leis an dlí bunreachta sna meáin anseo, agus chuir sé a chuid taighde i láthair coistí parlaiminte in Éirinn agus san Aonas Eorpach roinnt uaireanta.

Chomh maith leis an bpáipéar a chuir an Uasail O'Dowd i láthair "Cearta Bunreachtúla an Linbh Gan Bhreith Laistigh den Ochtú Leasú agus Ina Dhiaidh", bhí taispeántas sleamhnán ar fáil. Is féidir féachaint siar anseo ar chur i láthair an Uasail O'Dowd don Tionól.

Seisiún 3: Iarmhairtí Dlí maidir le Coimeád, Aisghairm. Nó Leasú ar Airteagal 40.3.3° den Bhunreacht

Is Abhcóide Sinsearach é Brian Murray.

Chomh maith leis an bpáipéar a chuir an Uasail Murray i láthair "Iarmhairtí Dlí maidir le Coimeád, Aisghairm. Nó Leasú ar Airteagal 40.3.3° den Bhunreacht", bhí taispeántas sleamhnán ar fáil. Is féidir féachaint siar anseo ar chur i láthair an Uasail Murray don Tionól.

Tá cóip den tras-scríbhinn ón seisiún Ceisteanna & Freagraí a lean cur i láthair an Uasail Murray ar fáil anseo.

Tráthnóna Dé Sathairn - Taithí Phearsanta

Le linn seisiún aiseolais a bhí ann roimhe seo, d'iarr na baill go labhródh mná ar chuir an tOchtú Leasú isteach ar a gcás féin.

Chuaigh an rúnaíocht chun cainte le seisear ban d'fhonn a dtaifead pearsanta ar an méid a tharla dóibh a thaifeadadh. Seinneadh leagan fuaime dá n-agallaimh do na baill. Is féidir eolas mionsonraithe faoin gcaoi ar roghnaíodh na mná agus mar a cuireadh faoi agallamh iad a léamh anseo.

Is féidir réamhrá an Bhreithimh Laffoy don seisiún a léamh anseo. Labhair an Dr Mary Ryan, a chuir na mná faoi agallamh, leis na baill chomh maith. Is féidir an méid a dúirt an Dr Ryan a léamh anseo.

I rith an tseisiúin, tarraingíodh aird bhaill an Tionóil ar lear mór aighneachtaí ina bhfuil cuntais phearsanta daoine, agus is féidir iad sin a léamh ar leathanach na n-aighneachtaí a fuarthas.

Is féidir éisteacht leis an méid a dúirt daoine faoina dtaithí phearsanta ag na naisc seo a leanas:

Dé Domhnaigh - Grúpaí Abhcóideachta agus Eagraíochtaí Ionadaíocha

Rinne 17 grúpa abhcóideachta agus eagraíocht ionadaíoch cur i láthair don Tionól Dé Domhnaigh. Is féidir nóta eolais ar na grúpaí a roghnaíodh le cur i láthair a dhéanamh a léamh anseo. Iarradh ar gach grúpa beagán eolais a thabhairt fúthu féin agus is féidir na blúirí eolais sin a léamh anseo.

Is féidir an méid a dúirt an Breitheamh Laffoy sular cuireadh tús le himeachtaí an lae a léamh anseo.

Mar seo a leanas a bhí na seisiúin:

Seisiún a hAon (9.05am)

      • Doctors for Life Ireland

Ba í an Dr Orla Halpenny a labhair thar ceann Doctors for Life. Is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus is Dochtúir Ginearálta í i mBaile Átha Cliath. Is Ball í de Choláiste na nDochtúirí Ginearálta (MICGP). Lena chois sin, tá Dioplóma aici sa Leigheas do Dhaoine Aosta, a bhain sí amach san RCSI, agus tá Máistreacht aici san Eolaíocht Leighis, a bhain sí amach in UCD. Tá sí bainteach le Doctors for Life ó 2013.

Is féidir an páipéar a d'ullmhaigh Doctor's for Life Ireland dá gcur i láthair don Tionól a léamh anseo. Tá an taispeántas sleamhnán a bhaineann lena gcur i láthair ar fáil anseo.

      • Doctors for Choice

Ba í Veronica O'Keane a labhair thar ceann Doctors for Choice. Tá sí ina hollamh le Síciatracht sa Scoil Leighis i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (TCD), agus is síciatraí comhairleach í in Ospidéal Thamhlachta, Baile Átha Cliath.

Bhí sí i gceannas ar sheirbhís náisiúnta Síciatrachta Imbhreithe in Iontaobhas Ospidéal Bethlem & Maudsley, Londain, ó 2002 go 2007. Tá leabhar scríofa aici ar dhúlagar imbhreithe agus tá breis agus 100 foilseachán piarmheasúnaithe i gcló aici i réimse an dúlagair, neamhoird hormón agus síciatrachta agus síciatracht imbhreithe.

Reáchtálann sí clár taighde REDEEM (Research in Depression, Endocrinology, Epigenetics agus neuroiMaging) i réimse na Néareolaíochta i gColáiste na Tríonóide. Is é príomhthéama an chláir seo ná conas a mhaolaíonn angar forbartha córais inchinne agus struis.

Is féidir an páipéar a d'ullmhaigh Doctor's for Choice dá gcur i láthair don Tionól a léamh anseo. Tá an taispeántas sleamhnán a bhaineann lena gcur i láthair ar fáil anseo.

Is féidir breathnú siar ar sheisiún a haon anseo.

Seisiún a Dó (9.55am)

      • Aontas na Mac Léinn in Éirinn

Ba í Annie Hoey a labhair thar ceann Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI). Tá Annie ina hUachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI). Roimhe seo, bhí sí ina Leas-Uachtarán Comhionannais agus Saoránachta. Déanann an USI ionadaíocht thar ceann breis agus 354,000 mac léinn ar oileán na hÉireann agus baill acu i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann araon. Déanann Annie comhordú ar an bhfeachtas 'Mac Léinn ar son na Rogha’ ar champais Ollscoileanna na hÉireann, ag iarraidh daoine a thabhairt léi maidir leis an ochtú leasú ar an mBunreacht a aisghairm, agus scaipeann eolas ar na mic léinn i dtaobh a sláinte atáirgthe.

Bhain Annie céim bhaitsiléara amach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus céim mháistreachta sa litríocht chomparáideach. Tá Teastas Iarchéime aici i Léann na mBan.

Is féidir an páipéar a d'ullmhaigh an USI dá gcur i láthair don Tionól a léamh anseo. Tá an taispeántas sleamhnán a bhaineann lena gcur i láthair ar fáil anseo.

      • Youth Defence

Ba í Rebecca Kiessling a labhair ar son Youth Defence. Is aturnae Dlí Teaghlaigh í Rebecca Kiessling, atá ina huchtaí agus ina máthair. Tá cúigear clainne uirthi. Uchtaíodh Rebecca go luath tar éis di teacht ar an saol. In aois 18 mbliana fuair sí amach gur de bharr éigniú brúidiúil a rinne éigneoir srathach a gineadh í. Tá Rebecca tar éis a anam agus a croí a thabhairt ag troid ar son cearta leanaí neamhbheirthe neamhurchóideacha agus ag tógáil cúigear clainne, ag múineadh dóibh tuiscint a fháil orthu féin mar dhaoine, ar a bhfiúntas féin agus ar a gcuspóir féin. Tá beirt mhac uchtaithe ag Rebecca agus a fear céile agus triúr iníonacha a saolaíodh dóibh.

Is féidir an páipéar a d'ullmhaigh Youth Defence dá gcur i láthair don Tionól a léamh anseo. Tá an taispeántas sleamhnán a bhaineann lena gcur i láthair ar fáil anseo.

      • Comhairle Náisiúnta na mBan in Éirinn

Is í Orla O'Connor, Stiúrthóir Chomhairle Náisiúnta na mBan in Éirinn (NWCI) a labhróidh thar ceann na heagraíochta sin. Tá Máistreacht aici i bPolasaithe Sóisialta an AE. Thosaigh sí ag plé le tionscadail phobail agus ina dhiaidh sin, chuaigh ag obair sa bhainistíocht shinsearach in eagraíochtaí neamhrialtais, rud atá ar siúl aici le breis agus 25 bliain. Déanann Orla ionadaíocht thar ceann NWCI ar réimse leathan fóram náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá sí ina Cathaoirleach ar an Eagraíocht Neamhrialtais, Observatory on Violence Against Women, déanann ionadaíocht do NWCI ar Choiste Monatóireachta na Straitéise Náisiúnta um Fhoréigean Teaghlaigh, Gnéis agus Inscne. Is feimineach í Orla, agus saineolaí ar na polasaithe a theastaíonn chun comhionannas na mban in Éirinn a bhrú chun cinn. Is cainteoir poiblí snasta, líofa í, agus déanann sí mionanailís ar pholasaithe poiblí. Tá an-chuid feachtas rite ag Orla - agus rath ar na feachtais sin - maidir le réimse leathan ceisteanna a bhaineann le cearta na mban, lena n-áirítear leasú leasa shóisialaigh, leasú pinsean agus cúram leanaí ardchaighdeáin agus gan bheith ródhaor. Creideann Orla go láidir gur cheart a chinntiú go mbeadh mná in ann leas a bhaint as a gcearta atáirgthe; go mbeadh tuilleadh ban i bpoist cheannaireachta; go gcuirfí deireadh le foréigean in aghaidh na mban; agus go gcuirfí le comhionannas eacnamaíochta na mban.

Is féidir an páipéar a d'ullmhaigh NWCI dá gcur i láthair don Tionól a léamh anseo. Tá an taispeántas sleamhnán a bhaineann lena gcur i láthair ar fáil anseo.

      • Women Hurt

Is é an Dr Anthony Levatino a labhróidh thar ceann Women Hurt. Is gínéiceolaí an Dr. Levatino atá bord-deimhnithe agus a bhain céim leighis amach i gColáiste Leighis Albany i Nua-Eabhrac, SAM, i 1976 agus chríochnaigh sé a chuid oiliúna cónaithe OB-GYN in Ionad Leighis Albany i 1980. Tá sé ag obair sa réimse seo le 36 bliain agus le linn an ama sin, bhí sé ina ollamh comhlach ar OB-GYN i gColáiste Leighis Albany, agus thug tréimhsí ann ina stiúrthóir ar mhic léinn leighis agus ar an gclár cónaithe ansin. Tá cuid mhaith blianta tugtha aige do chleachtas príobháideach agus tá sé ag feidhmiú ina Ollamh Cliniciúil agus Cathaoirleach ar Obstatraic agus Gínéiceolaíocht i gColáiste Burrell an Leighis Oistéapataigh in Las Cruces, New Mexico.

Is féidir an páipéar a d'ullmhaigh Women Hurt a léamh anseo.

Is féidir breathnú siar ar Sheisiún a Dó anseo.

Seisiún a Trí (11.25am)

      • Parents for Choice

Is í Sinéad Redmond a labhróidh thar ceann Parents for Choice. Tá beirt iníonacha óga ag Sinéad, atá 4 mhí agus 16 mhí d'aois. Tá sí féin 32 bliain d'aois. Thosaigh sí ag glacadh páirte i bhfeachtais ar son an ghinmhillte nuair a bhí sí ag súil lena chéad iníon, leanbh a bhí uaithí agus a raibh pleanáil déanta aici faoina coinne. Le linn di a bheith ag súil í féin, cuireadh abhaile uirthi, ar bhealach coincréiteach nach raibh sí ag súil leis, a oiread a chailleann bean thorrach neamhspleáchas coirp agus í ag súil, fiú le linn toirchis a bhfuiltear chun dul ar aghaidh leis. Roinnt míonna ina dhiaidh, agus í fós torrach, chuala Sinéad faoi bhás Savita Halappanavar. Dála go leor daoine eile fud fad na tíre, mná a bhí ag súil, máithreacha agus tuismitheoirí ina measc, bhí alltacht uirthi mar gheall ar an scéal, a chuir múisiam uirthi. Ghoill an tragóid a bhain le bás mná óige gan ghá go mór uirthi ar bhealach an-phearsanta.

Tá Sinéad ar dhuine de bhunaitheoirí Parents for Choice. Tar éis di a bheith páirteach in eagraíochtaí eile atá ag iarraidh go ndéanfaí an 8ú leasú a aisghairm (ARC, agus go háirithe AIMS Ireland, lena bhfuil sí ag feidhmiú mar rúnaí i gcónaí), shíl Sinéad agus daoine eile gur ghá eagraíocht feachtasaíochta a bheith ann a dhíreodh ar an ngá atá leis an 8ú leasú a aisghairm ó thaobh tuismitheoirí de; i.e. iad siúd is mó a gcuireann an 8ú leasú isteach orthu. Tar éis di tuiscint a fháil ar shrianta agus ar theorainneacha an 8ú leasú mar bhean a bhí in inmhe leanaí a bheith aici in Éirinn, rud nach raibh aon deis aici féin, fearacht ban eile ar chomhaois léi, vótáil air, níl sí ag iarraidh go mbeadh an scéal amhlaidh ag a hiníonacha.

Is féidir an páipéar a d'ullmhaigh Parents for Choice dá gcur i láthair don Tionól a léamh anseo. Tá an taispeántas sleamhnán a bhaineann lena gcur i láthair ar fáil anseo.

      • Every Life Counts

Is í Tracy Harkin a labhróidh thar ceann Every Life Counts. Tá iníon ag Tracy darb ainm Kathleen Rose, páiste iontach deich mbliana d'aois a bhfuil Trisomy 13 uirthi. Tá BSSC ag Tracy, a bhain sí amach i gColáiste na Banríona, agus roimhe seo, bhí sí ag plé le réimse na Forbartha Pobail i mBéal Feirste. Mar chuid dá cuid oibre le Every Life Counts, féachann sí le feasacht a ardú agus tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí a bhfuil leanaí acu a bhfuil tinneas orthu a chiorraíonn a saol.

Is féidir an páipéar a d'ullmhaigh Every Life Counts dá gcur i láthair don Tionól a léamh anseo. Tá an taispeántas sleamhnán a bhaineann lena gcur i láthair ar fáil anseo.

      • Irish Family Planning Association

Is í an Dr Catriona Henchion a labhróidh thar ceann an Irish Family Planning Association (IFPA). Tá MB, BCh, BAO, agus Dioplóma i gCúram Leanaí ag an Dr Henchion, chomh maith le Dioplóma Obstatraic; tá Teastas sa Phleanáil Clainne aici agus is Teagascóir í a mhúineann faoi chúrsaí Frithghiniúna. Is gairmí cúraim sláinte í an Dr Henchion a bhfuil taithí aici agus a d'oibrigh mar Dhochtúir Ginearálta seisiúin ar feadh roinnt mhaith blianta sula ndeachaigh sí isteach san IFPA, áit a ndearnadh Stiúrthóir Leighis di in 2008.

Tá eolas fairsing ag an Dr Henchion ar riachtanais sláinte na mban i gcomhthéacs cheist an atáirgthe. Is iad na réimsí saineolais atá aici ná sláinte gnéis agus frithghiniúint agus is ball í de Chumann na hÉireann um Ghairmithe Cúraim Sláinte Gnéis agus Frithghiniúna, agus de Chumann Eorpach na Frithghiniúna. Agus í ag feidhmiú ina Stiúrthóir Leighis, tá an Dr Henchion i gceannas sheirbhísí leighis an IFPA, lena n-áirítear an tseirbhís cúraim leighis iar-ghinmhillte. Mar aon le hobair chlinice, cuireann sí oiliúint CPD ar ghairmithe sláinte mar chuid de chlár an IFPA, oiliúint a chuirtear ar dhaoine dhá uair sa bhliain agus a cheadaíonn Bord an Altranais agus an Chnáimhseachais in Éirinn (NMBI).

Is féidir an páipéar a d'ullmhaigh an IFPA dá gcur i láthair don Tionól a léamh anseo. Tá an taispeántas sleamhnán a bhaineann lena gcur i láthair ar fáil anseo.

      • Family & Life

Is é Patrick Carr a labhróidh thar ceann Family and Life. Is taighdeoir é Patrick le Family & Life agus tá sé ag déanamh staidéir ar cheisteanna bitheiticiúla agus ag scríobh fúthu le cúig bliana déag anuas. Tá ionadaíocht déanta aige thar ceann Family & Life roimh an gComhchoiste Oireachtais um Shláinte agus Leanaí, agus ag na Náisiúin Aontaithe.

Is féidir an páipéar a d'ullmhaigh Family & Life dá gcur i láthair don Tionól a léamh anseo.

Is féidir breathnú siar ar Sheisiún a Trí anseo.

Soiléiriú ón Cathaoirleach tar éis ráiteas a rinne Family and Life

Trascríobh ar shoiléiriú a rinne an Cathaoirleach ag tús an tseisiúin Ceisteanna agus Freagraí, seisiún 3:

"Sula rachaimid ar aghaidh go dtí na ceisteanna agus na freagraí, is gá dom freagra a thabhairt ar roinnt den cháineadh a rinneadh sa chur i láthair deireanach sin. Táim ag caint ar an gcur i láthair a rinne Gilda Sedge, a oibríonn ag Institiúid Guttmacher, agus ar an gcur i láthair a rinne an Dr. Patricia Lohr, Seirbhís Chomhairleach Toirchis na Breataine, beirt a chualamar i mbun cainte ag cruinniú an deiridh seachtaine i mí Feabhra. Is mian liom soiléiriú a thabhairt gur tugadh cuireadh don bheirt seo chun cur i láthair a dhéanamh ina gcáil phearsanta ghairmiúil mar shaineolaithe ina réimsí ar leithligh.
Ní raibh baol ar bith ann go rachaimis i ngleic le tionscal an ghinmhillte - is dóigh liom gurb shin é an téarma a úsáideadh. Tugadh cuireadh dóibh de bharr gur iarr baill áirithe go labhrófaí ar réimeas ginmhillte na hÉireann agus mar a sheasann an réimeas sin i gcomparáid le náisiúin fhorbartha eile.
Faoi mar a dúradh cheana, is dóigh liom gur chuir Gilda Sedge a hainm le tuairisc agus le píosa taighde arís an deireadh seachtaine seo, a foilsíodh sa Lancet le gairid, agus sin an méid a bhíomar ag iarraidh a chloisteáil uaithi. Theastaigh uainn na staitisticí a chloisteáil agus sin an rud a thug sí dúinn.
Maidir leis an Dr. Lohr, chuir na baill in iúl go soiléir gur theastaigh uathu cloisteáil ó oibrí leighis nó ó oibrithe leighis sa Ríocht Aontaithe faoin gcaoi a dtéitear i mbun an ghinmhillte sa Ríocht Aontaithe, agus sin an fáth ar tugadh cuireadh don Dr. Patricia Lohr labhairt, mar go raibh taithí aici ar bheith ag déileáil le mná as Éirinn. Agus is mian liom a chur in iúl daoibh go soiléir, gur thugamar le tuiscint luath go maith sa scéal, chomh fada siar le mí Eanáir, is dóigh liom, gurb é sin an cur chuige a theastaigh uainn a bheith againn.
Is é mo thuairim féin, dá dteipfeadh orainn an t-ábhar seo a chur san áireamh, gurbh ionann é agus easnamh tromchúiseach a bheith ar an gclár oibre trí chéile. Theastaigh uaim go díreach an méid sin a shoiléiriú."

Seisiún a Ceathair (1.30pm)

      • Feachtas ar son na Beatha

Is í Cora Sherlock a labhróidh thar ceann an Fheachtais ar son na Beatha. Bhain Cora Sherlock céim Bhaitsiléara amach sa Dlí Sibhialta in UCD, agus céim Mháistreachta sa Dlí i gColáiste na Banríona. Is dlíodóir cáilithe í. In 2014, ainmníodh í ar dhuine de '100 Bean 2014' an BBC. Tá sí tar éis cur i láthair a dhéanamh os comhair scata coistí sna Náisiúin Aontaithe ar cheisteanna a bhaineann le cearta chun beatha agus is minic í páirteach i ndíospóireachtaí raidió agus teilifíse.

Is féidir an páipéar a d'ullmhaigh lucht an Fheachtais ar son na Beatha dá gcur i láthair don Tionól a léamh anseo. Tá an taispeántas sleamhnán a bhaineann lena gcur i láthair ar fáil anseo.

      • Amnesty International

Is é Colm O'Gorman, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Amnesty International, a labhróidh thar ceann na heagraíochta sin. Is é Colm a bhunaigh agus a bhí ina Stiúrthóir ar One in Four, an eagraíocht náisiúnta neamhrialtais a thacaíonn le mná agus le fir a d'fhulaing foréigean gnéis. Bhí baint mhór ag an obair a rinne Colm sa ról sin le bunú Fhiosrúchán Fhearna, an chéad imscrúdú stáit ar mhí-úsáid ghnéis ar leanaí ag an gcléir. Lena chois sin, bhí baint lárnach ag One in Four le fiosrúcháin eile dá leithéid, lena n-áirítear imscrúduithe ar Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath agus ar Dheoise Chluana.

Sula ndeachaigh sé ag obair le One in Four, d'oibrigh Colm mar shíciteiripeoir agus a chleachtas féin aige i Londain. Tá roinnt scannán faisnéise déanta aige, ina measc “A Family Affair” (2000), ar bronnadh duais BAFTA air as a ucht, “Suing the Pope” (2002) agus “Sex Crimes and The Vatican”, a láithrigh sé do BBC Panorama in 2006. Lena chois sin, bhí sé ina bhall de Sheanad Éireann nuair a ceapadh ina Sheanadóir é i mBealtaine na bliana 2007. Bíonn sé i mbun tráchtaireachta go rialta ar na meáin, ag cur le díospóireachtaí, ag scríobh aistí agus ag labhairt go fairsing ar an gcóir shóisialta agus ar chearta an duine. Scríobh sé an leabhar Beyond Belief (Hodder & Stoughton 2010), atá ina leabhar sárdhíola.

Is féidir an páipéar a d'ullmhaigh Amnesty International dá gcur i láthair don Tionól a léamh anseo. Tá an taispeántas sleamhnán a bhaineann lena gcur i láthair ar fáil anseo.

      • The Iona Institute

Is í Maria Steen a labhróidh thar ceann an Iona Institute. Is abhcóide cáilithe Maria agus bhí a cleachtas príobháideach féin aici nó gur rugadh a leanaí di. Roimhe sin, d'oibrigh sí leis an ngnólacht cheannródaíoch ailtireachta, Scott Tallon Walker, agus tá céim san Ailtireacht aici ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhain Maria cáilíocht amach le déanaí mar mhúinteoir bunscoile Montessori. Tá labhartha ag Maria ar ábhair éagsúla, lena n-áirítear ceist an ghinmhillte. Tá sí pósta agus ceathrar clainne uirthi.

Is féidir an páipéar a d'ullmhaigh an Iona Institute dá gcur i láthair don Tionól a léamh anseo.

      • Coalition to Repeal the Eighth Amendment

Is í Ailbhe Smyth a labhróidh thar ceann na Cónaidhme. Bhíodh Ailbhe ag plé leis an acadúlacht agus tá sí ag glacadh páirte sa pholaitíocht feimineachais agus LGBT le cuid mhaith blianta. Ba í an Stiúrthóir bunaigh í ar Ionad Taighde agus Acmhainne na mBan, agus bhí sí i gceannas ar Léann na mBan sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ó 1990 go 2006. D'fhág sí an ollscoil chun dul ag obair le heagraíochtaí Neamhrialtais agus pobail. Tá lear mór leabhar agus alt foilsithe ag Ailbhe ar an bhfeimineachas, ar an bpolaitíocht agus ar an gcultúr in Éirinn agus is minic í ag cur le plé poiblí agus le plé sna meáin ar chearta na mban agus ar an athrú sóisialta. Tá sí i mbun feachtais le breis agus 35 bliain le go mbeadh rogha ag mná agus tá sí ina cathaoirleach ar an gCónaidhm chun an tOchtú Leasú a Aisghairm.

Is féidir an páipéar a d'ullmhaigh an Chónaidhm chun an tOchtú Leasú a Aisghairm dá gcur i láthair don Tionól a léamh anseo.

Is féidir breathnú siar ar Sheisiún a Ceathair anseo.

Seisiún a Cúig (2.50pm)

      • Comhdháil Easpag Caitliceach Éireann

Is í Kate Liffey a labhróidh thar ceann Chomhdháil Easpag Caitliceach Éireann. Tá Kate ina Stiúrthóir Náisiúnta ar Chaiticeasmaicí agus ina Comhordaitheoir ar an bhFoireann Forbartha Creidimh Náisiúnta de Chomhdháil Easpag Caitliceach Éireann. Tá Kate ina meánmhúinteoir cáilithe agus roimhe seo, bhí sí ag plé le for-rochtain ar cheartas sóisialta agus leis an ngníomhaireacht chabhrach Trócaire.

Is féidir an páipéar a d'ullmhaigh Comhdháil Easpag Caitliceach Éireann dá gcur i láthair don Tionól a léamh anseo. Tá an taispeántas sleamhnán a bhaineann lena gcur i láthair ar fáil anseo.

      • Atheist Ireland

Is í Ashling O’Brien a labhróidh thar ceann Atheist Ireland. Is í Ashling Oifigeach Réigiúnach agus Cathaoirleach Chraobh Bhaile Átha Cliath de Atheist Ireland. Bhain Ashling céim amach trí Chlár Rochtana Choláiste na Tríonóide do Mhic Léinn Aibí in 2004, agus tá céim onóracha aici sa tSíceolaíocht ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus MSc sa tSíceolaíocht Fheidhmeach (Meabhairshláinte) ó Ollscoil Uladh.

Is féidir an páipéar a d'ullmhaigh Atheist Ireland dá gcur i láthair don Tionól a léamh anseo. Tá an taispeántas sleamhnán a bhaineann lena gcur i láthair ar fáil anseo.

      • Sionad Ginearálta Eaglais na hÉireann

Is é an Ceart-Oirmhinneach Michael Burrows, Easpag an Chaisil, Fhearna agus Osraí a dhéanfaidh ionadaíocht ar Shionad Ginearálta Eaglais na hÉireann.

Is féidir an páipéar a d'ullmhaigh Eaglais na hÉireann dá gcur i láthair don Tionól a léamh anseo.

Is féidir breathnú siar ar Sheisiún a Cúig anseo.

Tá an méid a dúirt an Cathaoirleach mar fhocal scoir nuair a bhí an deireadh seachtaine thart ar fáil anseo.

Breithniú

Ghlac na saoránaigh páirt i bplé comhchéime Dé Sathairn agus éascaitheoirí ag gach bord chun cabhrú leo. Tá breis eolais faoin bpróiseas éascaithe ar fáil anseo.

Tugadh an t-ábhar céanna do na daoine ag gach bord chun tús a chur leis an gcomhrá

Le linn an deiridh seachtaine, rinne na baill dhá cheacht bunaithe ar a gcuid machnaimh féin, ina nduine is ina nduine. Críochnaíodh an chéad cheann tráthnóna Dé Sathairn tar éis do na baill éisteacht le taithí phearsanta daoine. Is féidir breathnú air anseo.

Críochnaíodh an dara ceann tráthnóna Dé Domhnaigh. Ba é ba chuspóir leis an dara ceacht deis a thabhairt do na baill tuairimí a thabhairt agus réamh-mholtaí a dhéanamh ar na cineálacha ceisteanna a cheapann siad ar cheart vótáil orthu nó a chur san áireamh ar pháipéar ballóide don deireadh seachtaine deiridh. Is féidir breathnú air anseo. Beidh deis ag na baill tuairimí breise a thabhairt agus moltaí breise a dhéanamh ar an deireadh seachtaine deiridh sin, maidir le hábhar an pháipéir ballóide.

Baill

Tá liosta de na Comhaltaí a bhí i láthair ag an ceathrú chruinniú ar an Ochtú Leasú ar an mBunreacht le fáil anseo