An Cruinniú den Tionól Saoránach maidir leis an modh ina seoltar reifrinn

Tháinig an Tionól Saoránach le chéile an 13-14 Eanáir 2018 le plé a dhéanamh ar an gceathrú ábhar a bhí le cíoradh acu an bealach a reáchtáiltear reifrinn.

An cruinniú den Tionól Saoránach maidir leis an bealach a reáchtáiltear reifrinn - Clár Oibre

Imeachtaí an tSathairn

Is féidir an t-aitheasc tosaigh a thug an Cathaoirleach maidin Dé Sathairn a léamh anseo

Seisiún 1: Reifrinn in Éirinn - A Stair agus torthaí go dtí seo

Is Ollamh le Polaitíocht é Gary Murphy agus is é Ceann na Scoile Dlí agus Rialtais é in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath  Tá roinnt mhaith foilsithe aige ar pholaitíocht na linne seo in Éirinn. Bhí sé ina léachtóir ar cuairt in Ollscoil North Carolina, Chapel Hill agus Ollscoil Notre Dame. Electoral Competition in Ireland since 1987: the politics of triumph and despair (Manchester, 2016) an leabhar is deireanaí atá foilsithe aige. Bíonn sé go minic ar na meáin chraolta agus chlóite. 

Chomh maith leis an bpáipéar a chuir an Ollaimh Murphy i láthair "Reifrinn in Éirinn - A Stair agus torthaí go dtí seo", bhí taispeántas sleamhnán ar fáil. Is féidir féachaint siar anseo ar chur i láthair an Ollaimh Murphy don Tionól. 

Seisiún 2: Reifrinn in Éirinn - Cúlra agus próiseas dlí

Abhcóide Sinsearach is ea Niamh Hyland atá ag cleachtadh sa Leabharlann Dlí ó 1996 agus Dlí an AE mar phríomhábhar aici (lena n-áirítear soláthar poiblí, iomaíochas, cúram sláinte, teileachumarsáid agus dlí comhshaoil), dlí rialála (lena n-áirítear seirbhísí airgeadais agus sláinte), dlí bunreachtúil, dlí tráchtála, dlí árachais agus dlí riaracháin (lena n-áirítear tionscail agus pleanáil rialaithe). Gníomhaíonn sí thar ceann na n-earnálacha poiblí agus freisin thar ceann chliaint phríobháideacha. Sula raibh sí ag cleachtadh sa Leabharlann Dlí, bhí Niamh ina Scoláire Fondúireachta i gColáiste na Tríonóide, rinne sí Céim Mháistreachta i gColáiste Magdalen Oxford, bhí sí ag léachtóireacht sa Dlí Eorpach i gColáiste na Tríonóide mar Ollamh Jean Monnet, agus d'oibrigh sí ina Referendaire ag Cúirt Chéadchéime na gComhphobal Eorpach i Lucsamburg don Bhreitheamh Donal Barrington, nach maireann agus mar Chomhairleoir Euro-Jus ag Coimisiún Ionadaíochta na hEorpa i mBaile Átha Cliath.

Tá cur i láthair an Niamh Hyland maidir lena pháipéar ar an "Reifrinn in Éirinn - Cúlra agus próiseas Dlí" le fáil le féachaint siar air anseo

Seisiún 3: Feachtais Reifrinn: Rialachán Dlí

Is léachtóir sinsearach é an Dr Conor O'Mahony i Scoil Dlí Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, áit a bhfuil an dlí bunreachtúil agus dlí na leanaí á múineadh aige ó 2005. Cuirtear béim ina shaineolas ar an dlí bunreachtúil ar cheisteanna a bhaineann le leanaí agus le teaghlaigh, ar cheisteanna a bhaineann le léirmhíniú bunreachtúil agus reifrinn agus tá a chuid ábhair foilsithe i réimse leathan irisí idirnáisiúnta agus Éireannacha. Ghlac sé páirt ghníomhach i bpróisis athchóirithe beartas agus dlí agus labhair sé ag an Tionól Bunreachta agus ag Coistí an Oireachtais. Bíonn sé páirteach go rialta i ndíospóireacht agus in anailís ar cheisteanna bunreachtúla sna meáin chraolta agus chlóite.

Tá cur i láthair an Dr. Ó Mathúna maidir lena pháipéar ar an "Rialú Dlí na bhFeachas Reifrinn"  le fáil le féachaint siar air anseo

Seisiún 4: Feachtais Reifrinn: Rialú Dlí - Tionchar ar na Meáin

Is é Mark Brennock Stiúrthóir Ghnóthaí Poiblí Murray agus cuireann sé comhairle maidir le cumarsáid straitéiseach ar fáil do réimse eagraíochtaí san earnáil phríobháideach agus phoiblí. Tá sé ina chomhairleoir cumarsáide do Choimisiún an Reifrinn ón bhliain 2008. Le linn an ama sin bhí sé ina bhainisteoir tionscadal ar an bhfeachtas eolais phoiblí a bhain le seacht bhfeachtas de chuid Choimisiún an Reifrinn, a chuimsigh deich gcinn de thograí éagsúla  reifrinn. Iriseoir a bhí ann roimhe sin ar feadh 20 bliain, don Irish Times don chuid is mó, áit ar chlúdaigh sé roinnt feachtas reifrinn agus é ina Chomhfhreagraí Polaitíochta agus ina Phríomhchomhfhreagraí Polaitíochta.

Chomh maith leis an bpáipéar a chuir an Uasal Brennock i láthair "Feachtais Reifrinn: An tionchar atá ag rialú ar na meáin", bhí taispeántas sleamhnán ar fáil. Is féidir féachaint siar anseo ar chur i láthair an Uasal Brennock don Tionól.

Seisiún 5: An líon daoine a chaitheann vóta, ollreifrinn agus athreifrinn

Is ollamh emeritus é Michael Marsh, MRIA, leis an eolaíocht pholaitiúil i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath. Tá breis agus céad alt gairmiúil scríofa aige ar pháirtithe agus ar iompar toghthóirí. Bhí sé ina chomh-eagarthóir ar gach ceann de na cúig leabhar deireanacha sa tsraith How Ireland Voted, agus tá sé ina phríomhimscrúdaitheoir ar an Irish National Election Study ó bunaíodh é. Bhí sé ina chomh-údar nó ina chomh-eagarthóir ar roinnt leabhar a d'eascair ó na staidéir sin: The Irish Voter (Manchester, 2008), A Conservative Revolution? (Oxford, 2017) and The Post-Crisis Irish Voter (Manchester, 2018).

Chomh maith leis an bpáipéar a chuir an Ollaimh Marsh i láthair "An líon daoine a chaitheann vóta, ollreifrinn agus athreifrinn", bhí taispeántas sleamhnán ar fáil. Is féidir féachaint siar anseo ar chur i láthair an Ollaimh Marsh don Tionól. 

Seisiún 6: Tionscnaimh saoránach agus daonlathas díreach

Is eolaí polaitíochta í an Dr Theresa Reidy sa Roinn Rialtais agus Polaitíochta i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.  Déanann sí taighde ar iompar toghthóirí, ar pholaitíocht páirtí agus ar institiúidí polaitíochta.

Chomh maith leis an bpáipéar a chuir an Dr Reidy  i láthair "Tionscnaimh Saoránach", bhí taispeántas sleamhnán ar fáil. Is féidir féachaint siar anseo ar chur i láthair an Dr Reidy don Tionól. 

Tabhair do d'aire an earráid seo a leanas sa pháipéar. Deirtear ar leathanach a ceathair de pháipéar an Dr Reidy: "In Switzerland, for constitutional proposals, there is a minimum participation threshold of 40 percent". Ba chóir a thabhairt ar aird gur botún cló é seo agus gurb é seo leanas an leagan ceart  "In Venezuela, for constitutional proposals, there is a minimum participation threshold of 40 percent."

Imeachtaí an Domhnaigh

Díríodh i gclár oibre an Domhnaigh ar mholtaí a dhéanamh trí vóta ballóide a chaitheamh agus bhí céimeanna éagsúla i gceist, mar atá; aontú ar na ceisteanna atá le cur san áireamh i mballóid; foclaíocht bheacht na ballóide nó na mballóidí a aontú; vótáil.

Bhí nóta maidir leis na socruithe vótála a bheadh i gceist ar an deireadh seachtaine faighte ag Comhaltaí roimh ré. Maidin Dé Domhnaigh fuair siad dréacht den pháipéar ballóide, agus fuair siad míniú an Chathaoirligh ar dhréacht an Pháipéir Ballóide atá ar fáil le léamh anseo.

Tá cóip den Pháipéar Ballóide deireanach ar vótáil na Baill air ar fáil anseo. Tá briseadh síos mionsonraithe ar thorthaí na ballóide, arna bhfógairt ag an gCathaoirleach, ar fáil anseo.

Tá tras-scríbhinn iomlán ar imeachtaí an lae ar fáil le léamh anseo.

Plé

Bhí plé comhchéime ag na saoránaigh i rith an deireadh seachtaine agus bhí cabhair ag gach bord ó éascaitheoirí. Tá tuilleadh sonraí ar phróiseas an éascaithe ar fáil anseo.

Tugadh an t-ábhar céanna do gach bord chun tús a chur leis an gcomhrá.

Baill

Tá liosta de na Comhaltaí a bhí i láthair ag an chruinniú ar an bealach a reáchtáiltear reifrinn le fáil anseo