An Dara Cruinniú i dtaobh mar a fhéadfaidh an Stát tír cheannródaíoch a dhéanamh d’Éirinn maidir le Dul i nGleic le hAthrú Aeráide

Tháinig an Tionól le chéile le linn dheireadh seachtaine an 4-5 Samhain 2017 le haghaidh an dara deireadh seachtaine faoin ábhar mar a fhéadfaidh an Stát tír cheannródaíoch a dhéanamh d’Éirinn maidir le Dul i nGleic le hAthrú Aeráide.

An dara cruinniú den Tionól Saoránach maidir leis an mar a fhéadfaidh an Stát tír cheannródaíoch a dhéanamh d'Éirinn maidir le dul i ngleic le hAthrú Aeráide - Clár Oibre

Imeachtaí an tSathairn

Tá aitheasc oscailte an Chathaoirligh, an tOnórach Mary Laffoy, don Tionól, a tugadh maidin Dé Sathairn, ar fáil lena léamh anseo

Seisiúin Earnálacha: An Roinn Iompair
Seisiún 1: Polasaí Iompair Reatha in Éirinn- an bhfuil Athrú Aeráide san áireamh?

Is í Anne Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair. Tá freagracht ar an Údarás i ndáil le seirbhísí iompair phoiblí a sholáthar, a rialáil agus a chomhtháthú, i ndáil le tacaíocht a sholáthar le haghaidh iompar inbhuanaithe agus i ndáil le spreagadh a thabhairt i leith úsáid níos mó a bhaint as iompar inbhuanaithe mar mhodh iompair a roghnaíonn daoine. Roimhe seo, d'oibrigh sí leis an Údarás mar Stiúrthóir Seirbhísí Iompair Phoiblí i dtaca le rialáil agus soláthar seirbhísí iompair náisiúnta. Sular thosaigh sí ag obair leis an Údarás Náisiúnta Iompair, d'oibrigh sí in údaráis áitiúla Bhaile Átha Cliath mar innealtóir sibhialta cairte sna rannáin draenála, bóithre agus tráchta, mar bhainisteoir tionscadail ar athfhorbairt cheantar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath agus mar Bhainisteoir Ceantair i gceantar Thiar Theas na cathrach.

Chomh maith leis an bpáipéar a chuir an Anne Graham i láthair "Athrú Aeráide: Polasaí Iompair Reatha in Éirinn", bhí taispeántas sleamhnán ar fáil. Is féidir féachaint siar anseo ar chur i láthair an Anne Graham don Tionól. 

Seisiún 2: Cén chuma a bheadh ar Pholasaí Iompair in Éirinn dá mba cheannródaí í Éire maidir le dul i ngleic le hathrú aeráide?

Tá an Dr Brian Caulfield ina Ollamh Comhlach sa Roinn Innealtóireachta Sibhialta, Struchtúraí agus Timpeallachta i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá taighde forleathan déanta aige i réimse na dtionchar timpeallachta a bhaineann le hiompar agus ar mhodhanna chun athrú nósanna a bhaint amach san earnáil iompair.  Faoi láthair, tá sé i gceannas ar thionscadal mórscála taighde dá ngairtear Iompar a Ghlasú (Greening Transport) - agus maoiniúchán á fháil ina leith sin ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil. (EPA).  Tá sé ina bhall de chuid mhór coistí náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaineann le cúrsaí taighde agus forbairt beartais. Tá cuid mhór ábhair foilsithe ag an Dr Caulfield sa réimse seo, lena n-áirítear os cionn 660 alt in irisí, agus is eagarthóir é de chuid na hirise mórthionchair sa réimse seo, is é sin, "Transportation Research Part D: Transport and the Environment”. 

Chomh maith leis an bpáipéar a chuir an Dr Caulfield i láthair "Moving to low carbon transport in Ireland", bhí taispeántas sleamhnán ar fáil. Is féidir féachaint siar anseo ar chur i láthair an Dr Caulfield don Tionól. 

Seasaimh Idirnáisiúnta ar Cheannródaíocht Aeráide
Seisiún 3: Conas bheith i do cheannródaí maidir le dul i ngleic le hAthrú Aeráide- taithí na Danmhairge
          • Connie Hedegaard

Is polaiteoir Danmhairgeach í Connie Hedegaard agus bhí sí ina Coimisinéir Eorpach  do Ghníomhú ar son na hAeráide i gCoimisiún Eorpach Barroso (an dara ceann dá chuid) ón 10 Feabhra 2010 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2014. Thar ceann na Danmhairge, bhí sí ina hóstach i leith Chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir le hAthrú Aeráide i gCóbanhávan sa bhliain 2009. D'fhóin sí mar Aire na Danmhairge maidir le Cúrsaí Aeráide agus Fuinnimh ón 23 Samhain 2007 agus d'fhóin sí mar Aire na Danmhairge maidir leis an gComhshaol ón 2 Lúnasa 2004 go dtí an 23 Samhain 2007.

Tá an físchur i láthair a thug Connie Hedegaard don Tionól Saoránach ar fáil le breathnú air anseo. Ina theannta sin chuir Connie Hedegaard na sleamhnáin seo a leanas ar fáil don Tionól agus tá fáil orthu anseo.

Seisiún 4: Conas bheith i do cheannródaí maidir le dul i ngleic le hAthrú Aeráide- taithí na hAlban

Tá Andrew ina phríomhphearsa in Albain i dtaca le maolú agus oiriúnú aeráide. Is é Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Edinburgh Centre for Carbon Innovation (EDDI) é, is é sin, lárionad a bhfeidhmíonn Ollscoil Dhún Éideann ina leith agus a bhfuil moil aige i nDún Éideann agus sa tSín. Tacaíonn ECCI le fiontair nuabhunaithe, agus forbraíonn sé iad, i gcomhpháirtíocht le pobal nuálaíochta uile-Eorpach Climate-KIC agus tarraingíonn sé na geallsealbhóirí le chéile chun réitigh a fhorbairt agus iad a chomhroinnt le cathracha, le stáit agus le gnóthaí.

Ina theannta sin, is é Andy comhstiúrthóir an Centre of Expertise on Climate Change (ClimateXChange) trína ndéantar anailís agus fianaise a chur chun cinn chun tacú le Rialtas na hAlban a chuid spriocanna ceannródaíochta a bhaint amach i réimse na haeráide agus an fhuinnimh ghlain. Roimhe seo, d'oibrigh Andy san earnáil phríobháideach agus é ag gabháil do thrádáil fuinnimh ghlain/carbóin san Eoraip agus san Áise, d'fhorbairt tionscadal fuinnimh ghlain, agus do chomhairle a thabhairt do chorparáidí idirnáisiúnta maidir le freagairtí straitéiseacha i leith athrú aeráide.

Chomh maith leis an bpáipéar a chuir an tOllamh Kerr i láthair "How and why did Scotland become a leader on climate change?", bhí taispeántas sleamhnán ar fáil. Is féidir féachaint siar anseo ar chur i láthair an tOllamh Kerr don Tionól. 

Seisiúin Earnálacha: Talmhaíocht, bia agus úsáid talún

Tráthnóna Dé Sathairn, d'éist na Saoránaigh leis na cainteoirí seo a leanas:

Seisiún 5: Polasaí Talmhaíochta / Úsáide Talún Reatha in Éirinn- an bhfuil Athrú Aeráide san áireamh?

Tá Gary ina Phríomhoifigeach Taighde in Teagasc. Tá sé i gceannas ar ghrúpa taighde na nGás Ceaptha Teasa sa Roinn Comhshaoil, Ithreacha agus Úsáide Talún in Teagasc ina áitreabh i gCaisleán Bhaile Sheonach. Tá a thaighde dírithe go formhór ar thomhas agus ar mhúnlú astaíochtaí amóinia agus ocsaíde nítriúla agus ar cheapadh carbóin agus ar chainníochtú straitéisí bainistíochta chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí agus feabhas a chur ar cheapadh. Is é Príomh-Imscrúdaitheoir na hÉireann é i leith Thionscnamh Taighde Talmhaíochta GHG (AGRI-I) a bhfuil Teagasc agus na príomh-ollscoileanna de chuid an oileáin páirteach ann agus arbh é comhordú an taighde sa réimse seo is cúram dó. Go háirithe, tá staidéar forleathan déanta aige ar nithe a bhaineann le barrfheabhsú a dhéanamh ar bhainistíocht talún chun diansaothrú inbhuanaithe a bhaint amach.

Tá sé ina bhall de phainéal saineolaithe na Náisiún Aontaithe maidir le maolú nítrigine talmhaíochta, ar coiste é a thugann comhairle do na Náisiúin Aontaithe i ndáil leis an dea-chleachtas i dtaca le laghdú amóinia agus is comhairleoir é i ndáil le Clár Taighde an EPA maidir le hAthrú Aeráide. Faoi láthair, is Údar Ceannasach é i ndáil le Tuarascáil IPCC ar Chúrsaí Aeráide, Úsáide Talún agus Slándála Bia agus is ollamh taca é in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, chomh maith lena bheith ina Fho-Ánra i gColáiste Magdelene in Ollscoil Cambridge.

Chomh maith leis an bpáipéar a chuir an tOllamh Lanigan i láthair "Current Agriculture/ Land Use Policy in Ireland", bhí taispeántas sleamhnán ar fáil. Is féidir féachaint siar anseo ar chur i láthair an tOllamh Lanigan don Tionól. 

Seisiún 6: Cén chuma a bheadh ar Pholasaí Iompair in Éirinn dá mba cheannródaí í Éire maidir le dul i ngleic le hathrú aeráide?

Tá Alan Matthews ina Ollamh Emeritus le Beartas Talmhaíochta na hEorpa i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Is iar-Uachtarán é de chuid Chumann Eorpach na hEacnamaíochta Talmhaíochta. Bhí sé ina bhall de AgriVision 2015 agus de Ghrúpaí Straitéise Fhómhar Bia 2020 agus, chomh maith leis sin, bhí sé ina bhall den Ghrúpa Athbhreithnithe ar Shócmhainní agus ar Dhliteanais an Stáit a thuairiscigh d'Aire Airgeadais na hÉireann sa bhliain 2011. Faoi láthair, is ball den Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide é. Déanann sé blagáil ar capreform.eu faoi shaincheisteanna a bhaineann le beartas talmhaíochta.

Chomh maith leis an bpáipéar a chuir an tOllamh Matthews i láthair "Cén chuma a bheadh ar Pholasaí Iompair in Éirinn dá mba cheannródaí í Éire maidir le dul i ngleic le hathrú aeráide?", bhí taispeántas sleamhnán ar fáil. Is féidir féachaint siar anseo ar chur i láthair an tOllamh Matthews don Tionól. 

Seisiún 7: Díospóireacht an phainéil talmhaíochta, bia agus úsáid talún ar cheannródaíocht

Déanann Andrew, a bhean chéile Yvonne, agus a leanaí, Daniel, Hannah agus Emma, feirmeoireacht ar a bhfeirm déiríochta teaghlaigh gar don Lios Breac i gContae an Longfoirt. Ina theannta sin, tá Andrew ina bhall de Bhord Chomharchumann Déiríochta Lakeland. Tacaíonn sé go mór le cineál comhoibríoch an chláir 'Feirmeoireacht Chliste'.

Chomh maith leis an bpáipéar a chuir an tUasal McHugh i láthair  "Smart Farming An adaptive leadership approach to addressing climate change, which empowers farmers by addressing the dual challenges of improving farm returns while reducing climate impact", bhí taispeántas sleamhnán ar fáil. Is féidir féachaint siar anseo ar chur i láthair an tUasal McHugh don Tionól. 

          • Iseult Ward (FoodCloud)

Is í Iseult comhbhunaitheoir agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin FoodCloud, ar fiontar sóisialta é a dhéanann bia barrachais ón tionscal bia a athdháileadh chuig an earnáil charthanachta.  D'ainmnigh an iris TIME Iseult  mar dhuine de Cheannairí na Chéad Ghlúine eile, bhí sí i measc an 30 Fiontraí Sóisialta Eorpacha faoi bhun 30 Bliain d'Aois de chuid Forbes 30, d'ainmnigh an Women's Executive Network í mar dhuine den 20 Bean is cumhachtaí de chuid na hÉireann agus, le déanaí, fuair sí Gradam Daonchairdis ó Ionad Muhammed Ali in Louisville, Kentucky, agus Gradam Gnóthachtála Speisialta de chuid Ghradaim EY i leith Fhiontraí na Bliana.

Chomh maith leis an bpáipéar a chuir an Iseult Ward i láthair, bhí taispeántas sleamhnán ar fáil. Is féidir féachaint siar anseo ar chur i láthair an Iseult Ward don Tionól. 

          • Tony Garahy (Feirm Loch na Buaraí)

Is é Tony Garahy úinéir/bainisteoir Fheirm Loch na Buaraí atá i measc na bhfeirmeacha orgánacha is seanbhunaithe dá bhfuil ann i lár-réigiún na hÉireann. Féarach is mó atá ann agus táirgtear mairteoil agus uaineoil orgánach ann. Tá thart ar 5 ha den fheirm curtha ar leataobh le haghaidh táirgeadh glasraí orgánacha agus déantar os cionn caoga glasra éagsúla a fhás i bpolatholláin agus sna páirceanna. Déantar méideanna beaga torthaí orgánacha a fhás freisin. Saintréith de chuid na feirme is ea díol díreach na nithe a tháirgtear inti.

Tá cur i láthair an tUasal Garahy maidir lena pháipéar le fáil le féachaint siar air anseo

Imeachtaí an Domhnaigh

Maidin Dé Domhnaigh, tar éis aitheasc oscailte an Tionóil Saoránach, éistfear leis an gcainteoir seo a leanas:

An Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide

Is Ollamh Taca é John Fitzgerald i gColáiste na Tríonóide (TCD) agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), agus roimhe seo ba Ollamh Taighde é san Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta i mBaile Átha Cliath. Tá sé ina bhall de Choimisiún Bhanc Ceannais na hÉireann agus is é Cathaoirleach Chomhairle Chomhairleach na hÉireann um Athrú Aeráide é.

Chomh maith leis an bpáipéar a chuir an tOllamh Fitzgerald i láthair "Tackling Climate Change in Ireland", bhí taispeántas sleamhnán ar fáil. Is féidir féachaint siar anseo ar chur i láthair an tOllamh Fitzgerald don Tionól. 

  • Maidin Dé Domhnaigh

Bhí clár oibre an Domhnaigh dírithe ar theacht ar mholtaí trí vótáil le páipéir bhallóide agus bhí céimeanna éagsúla ann ina leith sin, is é sin le rá, teacht ar chomhaontú maidir leis na saincheisteanna a bheadh le cur san áireamh i mballóid, teacht ar chomhaontú faoi fhoclaíocht bheacht na ballóide nó na mballóidí, agus an vótáil.

Bhí nóta maidir leis na socruithe vótála a mbeadh feidhm aige don deireadh seachtaine seo faighte ag na Baill roimh ré. Ina theannta sin, fuair na Baill dréacht-pháipéar ballóide a bhí ullmhaithe ag an gCathaoirleach agus ag an Rúnaíocht, le cabhair ón nGrúpa Comhairleach Saineolaithe, an tseachtain roimh an gcruinniú.

Roimh an Domhnach, bhí spreagadh tugtha do na Baill ag an gCathaoirleach agus ag an Rúnaíocht aon tuairimí nó barúlacha a bhí acu faoin dréacht-pháipéar ballóide a thíolacadh. Rinneadh amhlaidh le go bhféadfaí athruithe a bhí molta a dhéanamh ar an dréacht-pháipéar ballóide roimh an bplé ar an Domhnach agus ar mhaithe le caoithiúlacht i gcomhthéacs an méid theoranta ama a bhí ar fáil.

Rinneadh athruithe a bhí molta ag na Baill agus cuireadh san áireamh iad i ndara páipéar ballóide a scaipeadh maidin Dé Domhnaigh. Tá an páipéar ballóide athbhreithnithe ar fáil lena bhreathnú anseo. Tá an míniú a thug an Cathaoirleach ar an lá faoin bpáipéar ballóide athbhreithnithe ar fáil lena léamh anseo.

Rinne na Baill leasuithe eile ar an dréacht a scaipeadh maidin Dé Domhnaigh tar éis plé ginearálta. Tá cóip den pháipéar ballóide críochnaitheach a ndearna na Baill vótáil air ar fáil anseo.

Tá miondealú ar thorthaí na ballóide, mar a d'fhógair an Cathaoirleach, ar fáil anseo

Tá tras-scríbhinn iomlán ar imeachtaí an lae ar fáil le léamh anseo

Breithniú

Ghlac na saoránaigh páirt i bplé ginearálta le linn an deireadh seachtaine agus bhí éascaitheoirí ag gach bord chun cabhrú leo. Tá tuilleadh mionsonraí maidir leis an bpróiseas éascaithe ar fáil anseo.

Tugadh an t-ábhar céanna do gach bord chun tús a chur leis an gcomhrá

Ar an Domhnach, ghlac na Baill páirt i bpróiseas machnamhach faoina gcuid tuairimí ar an ábhar seo agus faoina raibh foghlamtha acu le linn an dá dheireadh seachtaine. Tá cóip den doiciméad a chomhlánaigh siad ar fáil anseo

Baill

Tá liosta de na Comhaltaí a bhí i láthair ag an dara chruinniú ar an mar a fhéadfaidh an Stát tír cheannródaíoch a dhéanamh d'Éirinn maidir le dul i ngleic le hAthrú Aeráide le fáil anseo