An Dara Cruinniú maidir leis on conas is fearr is féidir linn tabhairt faoi na dúshláin agaus na deiseanna a bhaineann le daonra atá ag dul in aois

Tháinig an Tionól le chéile an 8-9 Iúil 2017 don dara cruinniú agus an cruinniú deireanach chun an bealach is fearr le dul i ngleic leis na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le daonra atá ag dul in aois a mheas.

An dara cruinniú den Tionól Saoránach maidir leis an bealach is fearr le dul i ngleic leis na dúshláin agus deiseanna a bhaineann le daonra atá ag dul in aois - Clár Oibre

Imeachtaí an tSathairn

Is féidir an t-aitheasc a thug an Cathaoirleach don Tionól maidin Dé Sathairn a léamh anseo.  

Dhírigh clár oibre an tSathairn ar phinsin, ar ioncam agus ar dhul ar scor. 

Seisiún 1: Soláthar Pinsin in Éirinn

Chuaigh Andrew Nugent isteach in Údarás Pinsean na hÉireann in 2006 agus is iomaí saincheist polasaí a raibh sé ag obair orthu le linn na tréimhse sin.  Bhí Andrew páirteach i saincheisteanna polasaí pinsin ag leibhéal an AE, na hidirbheartaíochtaí ar Threoir maidir le hIomparthacht agus IORPanna II ina measc. Is é an Ceann Forbartha é faoi láthair. Tá an tAonad Forbartha ag leagan amach agus a cur i bhfeidhm na n-athruithe a theastaíonn chun éifeacht a thabhairt do na hathchóirithe pinsin agus don Treoir IORP II atá beartaithe. Bhí Andrew ag obair i roinnt ranna Rialtais roimhe seo.

Chomh maith leis an bpáipéar a chuir an Andrew Nugent i láthair "Soláthar Pinsin in Éirinn", bhí taispeántas sleamhnán ar fáil. Is féidir féachaint siar anseo ar chur i láthair an Andrew Nugent don Tionól. 

Seisiún 2: Ioncam do Dhaoine Breacaosta in Éirinn

Is é an Dr Micheál Collins an tOllamh Cúnta le Beartas Sóisialta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.  Bhí sé ina Eacnamaí Sinsearach in Institiúid Taighde Eacnamaíochta Nevin (NERI) roimhe sin. Baineann a chuid taighde agus ábhar a d'fhoilsigh sé le dáileadh ioncaim, cánachas, measúnú eacnamaíoch agus beartas poiblí.

Bhí sé ina chomhalta den Choimisiún um Chánachas (2008-2009) agus ar Ghrúpa Comhairleach an Rialtais ar Chánachas agus Leas Sóisialach (2011-2014). Bhí sé ina chathaoirleach scaitheamh ar Chomhlachas um Beartas Sóisialta na hÉireann (ISPA) agus Chomhlachas um Staidéir Réigiúnacha na hÉireann (RSA).  Is comhalta reatha é den Chomhairle Náisiúnta Iomaíochais, den Ghrúpa Taighde ar Bheartas Pinsin agus den Ghrúpa Teicniúil Pá Maireachtála. Is as Inis, Co. an Chláir don Dr Collins agus is iarchéimí de chuid OÉ, Gaillimh agus Ollscoil Bhaile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide é. Is ánra é den Chomhlachas um Staidéir Réigiúnacha (FeRSA).

Chomh maith leis an bpáipéar a chuir an Dr Collins i láthair "Ioncam do dhaoine breacaosta in Éirinn", bhí taispeántas sleamhnán ar fáil. Is féidir féachaint siar anseo ar chur i láthair an Dr Collins don Tionól. 

Seisiún 3: Na himpleachtaí a bheidh ag Beartas Scoir agus Pinsin ar an nGeilleagar agus ar an tSochaí i gCoitinne

Is é an tOllamh Alan Barrett Stiúrthóir na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta. Chuaigh sé i mbun an phoist sin i mí Iúil, 2015. Thosaigh sé ag obair san ESRI in 1994, nuair a chríochnaigh sé a dhochtúireacht in Ollscoil Stát Michigan. Eacnamaíocht lucht oibre agus eacnamaíocht daonra na príomhréimsí taighde atá aige. Idir 2001 agus 2003, tugadh Alan ar iasacht don Roinn Airgeadais (Státchiste na hÉireann) áit a raibh sé ag obair ar na himpleachtaí fioscacha fadtéarmacha atá le daonra atá ag dul in aois. Idir 2011 agus 2013, tugadh ar iasacht é do Staidéar Fadama na hÉireann ar Dul in Aois (TILDA) i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath áit a raibh sé ina Stiúrthóir Tionscadail. Bhí sé ina chomhalta de Chomhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann ó 2011 go 2015.

Chomh maith leis an bpáipéar a chuir an Ollaimh Barrett i láthair "Na himpleachtaí a bheidh ag beartas scoir agus pinsin ar an ngeilleagar agus ar an tsochaí i gcoitinne", bhí taispeántas sleamhnán ar fáil. Is féidir féachaint siar anseo ar chur i láthair an Ollaimh Barrett don Tionól. 

Seisiún 4: Cén fáth nach bhfuil pinsean ag daoine?
          • An tOllamh Liam Delaney (UCD)

Ollamh le hEacnamaíocht i UCD agus Ollamh ar Cuairt le hEacnamaíocht i Stirling University é Liam Delaney. Iar-Ánra Fulbright agus Marie Sklodowska Curie é agus bhí sé ina Leas-Stiúrthóir ar Institiúid Geary UCD ó 2008 go 2011, agus ina Leas-Déan ar Scoil Bainistíochta Stirling ó 2011 go 2016. Is ar an méid atá i bpáirt ag eacnamaíocht agus ag an tsíceolaíocht a bhí sé ag obair ina ghairm agus tá iliomad ábhar foilsithe aige in irisí eacnamaíochta agus síceolaíochta, lena n-áirítear an Economic Journal, Iris Chumann Eacnamaíochta na hEorpa,  Health Psychology, Psychological Science agus sa Journal of Applied Psychology. Tá suim ar leith aige sna bunchlocha tomhais a bhaineann le heacnamaíocht leasa iompair agus tá roinnt tionscadal idirdhísciplíneach tugtha chun críche aige a scrúdaíonn an bealach le roghanna eacnamaíochta sa saol dáiríre a thomhais. Tá mórionad nua don eolaíocht iompraíochta agus beartas poiblí á fhorbairt faoi láthair aige in Institiúid Geary UCD. Bhí sé ag obair roimhe seo don ESRI agus bhí ceapacháin ar cuairt aige in Ollscoileanna Sydney agus Princeton. 

Chomh maith leis an bpáipéar a chuir an Ollaimh Delaney i láthair, bhí taispeántas sleamhnán ar fáil. Is féidir féachaint siar anseo ar chur i láthair an Ollaimh Delaney don Tionól. 

Seisiún 5: Pinsin, Ioncaim agus Dul ar Scor: Cén Beart a cheart don Rialtas a Ghlacadh? Barúlacha ó Shochaí Shibhialta
          • Justin Moran (Aoisghníomhaíocht Éireann)

Nuair a bhain sé cáilíocht amach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, d'oibrigh Justin le Sinn Féin ar réimse polasaithe náisiúnta agus róil abhcóideachta, lena n-áirítear ina cheann ar Phreasoifig Theach Laighean an pháirtí. D'fhág sé an post sin in 2007, agus chuaigh sé ag obair ar feadh achar gearr le Líonra na hEorpa in aghaidh na Bochtaineachta agus ina dhiaidh sin le Amnesty International, Éire, áit a raibh sé i bhfeighil na foirne cumarsáide ar feadh sé bliana go leith. Sula ndeachaigh sé ag obair le hAoisghníomhaíocht Éireann, d'oibrigh sé le EirGrid, oibreoir an chórais tarchurtha náisiúnta, ar cheann de na tionscadail infreastruchtúir is mó sa tír. Tá céim ag Justin in Iriseoireacht agus Céim Mháistir i gCaidrimh Idirnáisiúnta.

Chomh maith leis an bpáipéar a chuir an Justin Moran i láthair, bhí taispeántas sleamhnán ar fáil. Is féidir féachaint siar anseo ar chur i láthair an Justin Moran don Tionól. 

Seisiún 5: Pinsin, Ioncaim agus Dul ar Scor: Breithnithe Cearta Daonna agus Comhionannais
          • Emily Logan & an Dr Mary Murphy (Coimisiún Chearta Daonna agus Comhionannais na hÉireann)

Is í Emily Logan an chéad Phríomhchoimisinéir ar Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas a cheap an tUachtarán Michael D Higgins an 31 Deireadh Fómhair 2014, tar éis comórtas oscailte.

Sna deich mbliana sular ceapadh í, ba í Emily Logan chéad Ombudsman do Leanaí na hÉireann ag tuairisciú díreach chuig an Oireachtas. In 2008, cheap a comhghleacaithe í chuig an bpost mar Uachtarán ar Ghréasán Eorpach an Ombudsman do Leanaí, gréasán ina bhfuil 40 Oifig Ombudsman do Leanaí ar fud bhallstáit Chomhairle na hEorpa agus bhí sí ar an bhfeidhmeannas go dtí Meán Fómhair 2011. In 2013 cheap an tAire Dlí agus Cirt í, i gcáil phearsanta, chun tabhairt faoi fhiosrúchán reachtúil maidir le beirt leanaí ó theaghlaigh Romaigh ar ghlac an Garda Síochána faoina chúram iad.

Tá taithí bainistíochta fiche a cúig bliain aici in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Sna sé bliana sular ceapadh ina Ombudsman do Leanaí í, bhí dhá phost sinsearacha aici i riarachán poiblí: An Stiúrthóir Altranais in Ospidéal na Leanaí, Cromghlinn agus An Stiúrthóir Altranais in Ospidéal Thamhlachta, i ndiaidh di a bheith ina Bainisteoir Stiúrthóireachta in Ospidéal Great Ormond Street i Londain. Bhain Emily Logan LLM amach i nDlí um Chearta Daonna in Ollscoil na Banríona, MBA agus Dioplóma san Idirghabháil sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus MSc i Síceolaíocht ó City University London. Bronnadh dhá Chéim Dhochtúir Dlíthe oinigh uirthi ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad agus ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Léachtóir í Mary Murphy le Polaitíocht agus Sochaí na hÉireann in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Roimhe sin bhí Mary ina comhalta, arna ceapadh ag an Aire, den Ghrúpa Náisiúnta Comhairleach ar Cháin agus Leas Sóisialach. D'fhóin sí freisin ina saineolaí náisiúnta as Éirinn ar Líonra Saineolaithe na hEorpa ar Inscne agus ar Ionchuimsiú Sóisialta (EGGSI), ina ball comhlach d'Ionad Náisiúnta na hÉireann um Anailís Réigiúnach agus Spásúil, agus ina comhalta ar Choiste Comhairleach Taighde Focus Ireland agus Think Tank for Action on Social Change (TASC). D'oibrigh Mary chomh maith mar fheachtasóir agus mar anailísí beartas maidir leis an bhfrithbhochtanas, íosioncam, gníomhachtú an mhargaidh oibre agus comhionannas inscne ar feadh 15 bliain. Bhain sí céim PhD amach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, bhain sí céim B.A. (Onóracha) amach  i gColáiste na Tríonóide agus bhain sí Dioplóma Iarchéime i Staidéar Gnó, Oiliúint agus Forbairt amach in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

Chomh maith leis an bpáipéar a chuir an Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas i láthair, bhí taispeántas sleamhnán ar fáil. Is féidir breathnú ar chur i láthair Emily Logan anseo. Is féidir breathnú ar chur i láthair Mary Murphy anseo

Seisiún 7: Deiseanna a Chruthú ar Scor, Fianaise ó TILDA

Thosaigh Christine McGarrigle le Staidéar Fadama na hÉireann ar Dul in Aois (TILDA) mar Ánra Taighde san Eipidéimeolaíocht Shóisialta in 2012 agus rinneadh Stiúrthóir Taighde di in 2015 ag cinntiú go n-úsáidtear TILDA chun cur le beartas agus cleachtas maidir leis an daonra atá ag dul in aois in Éirinn. Bailíonn TILDA, Staidéar Fadama na hÉireann ar Dul in Aois, atá ionadaíoch go náisiúnta, eolas faoi gach gné a bhaineann le sláinte agus cúinsí eacnamaíocha agus sóisialta daoine atá os cionn 50 bliain d'aois in Éirinn. Tá taighde Christine i láthair na huaire dírithe ar aistrithe ó ghlúin go glúin, agus ar na fachtóirí déimeagrafacha, sóisialta agus sláinte a bhaineann le haistrithe idir na glúine.

Sular thosaigh Christine le TILDA, bhí sí ag obair sa Health Protection Agency i Londain áit a raibh sí ina príomheolaí maidir le faireachas iompraíochta. Chomhordaigh sí roinnt clár taighde agus iompraíochta náisiúnta sa Ríocht Aontaithe, a chur le cur chun cinn sláinte agus rialú galair, lena n-áirítear suirbhéanna iompraíochta ar dhaonraí leochaileacha, earcú ó chúlraí cliniciúla agus pobail araon ag úsáid modhanna taighde rannpháirtíochta. Bhí sí i gceannas ar thaighde a dhírigh ar mhodhanna nua a fhorbairt chun fairsingeacht agus minicíocht HIV gan fáthmheas a mheas ag baint úsáide as sonraí faireachais iompraíochta agus d'fhreastail go rialta ar roinnt ghrúpaí oibre an WHO agus UNAIDS. Bhain sí BSc i gCeimic amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus MSc agus PhD i Eipéimeolaíocht sa London School of Hygieneand Tropical Medicine, University of London.

Chomh maith leis an bpáipéar a chuir an Christine McGarrigle i láthair "The Contribution of Older Adults to their Families and Communities", bhí taispeántas sleamhnán ar fáil. Is féidir féachaint siar anseo ar chur i láthair an Christine McGarrigle  don Tionól. 

Seisiún 8: Deiseanna a Chruthú ar Scor, Barúlacha ó Shochaí Shibhialta
          • Ita Mangan (Age and Opportunity)

Is Abhcóide í Ita Mangan a bhfuil saintaithí aici ar chearta saoránach agus fiosrúcháin phoiblí. Tá baint aici le fada le saincheisteanna a bhaineann le daoine breacaosta agus scríobh sí faoi na nithe seo a leanas, i measc nithe eile, The Law and Older People arna fhoilsiú ag an gComhairle Náisiúnta ar Dhul in Aois agus ar Dhaoine Breacaosta agus Older People in Long Stay Care arna fhoilsiú ag Coimisiún um Chearta an Duine agus Comhionannas.   Le blianta beaga anuas bhí sí ina Cathaoirleach ar an nGrúpa Comhairleach ar Cháin agus Leas Sóisialach.

Is í Cathaoirleach reatha an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh agus Age and Opportunity í agus is comhalta Boird í ar Fhoras Ospíse na hÉireann.

Tá cur i láthair an Ita Mangan maidir lena páipéar a d'ullmhaigh sí don Tionól  le fáil le féachaint siar air anseo

Thagair roinnt de chainteoirí an tSathairn don Straitéis Náisiúnta um Aosú Dearfach. Cliceáil anseo le do thoil chun tuilleadh eolais a fháil uirthi. 

Imeachtaí an Domhnaigh

Díríodh i gclár oibre an Domhnaigh ar mholtaí a dhéanamh trí vóta ballóide a chaitheamh agus bhí céimeanna éagsúla i gceist, mar atá; aontú ar na ceisteanna atá le cur san áireamh i mballóid; foclaíocht bheacht na ballóide nó na mballóidí a aontú; vótáil.

Bhí nóta maidir leis na socruithe vótála a bheadh i gceist ag an deireadh seachtaine faighte ag Comhaltaí roimh ré. Fuair na Comhaltaí chomh maith dréachtpháipéar ballóide arna ullmhú ag an gCathaoirleach agus ag an Rúnaíocht le cúnamh an tSainghrúpa Comhairligh an tseachtain roimh an gcruinniú.

Mhol an Cathaoirleach agus an Rúnaíocht do Chomhaltaí aon tuairimí nó barúlacha a bhí acu ar an dréachtpháipéar ballóide a chur chucu roimh an Domhnach. Rinneadh sin chun go bhféadfaí aon athruithe a moladh a chur i bhfeidhm ar an dréachtpháipéar ballóide roimh bhreithniúcháin an Domhnaigh ar mhaithe le praiticiúlachta, ag tógáil na teorann ama a bheadh ar fáil ar an lá san áireamh. 

Mhol na Comhaltaí roinnt athruithe agus cuireadh i bhfeidhm iad sa dara dréachtpháipéar ballóide a scaipeadh maidin Dé Domhnaigh. Is féidir teacht ar an dréachtpháipéar ballóide athbhreithnithe anseo. Is féidir míniú an Chathaoirligh ar an dréachtpháipéar ballóide athbhreithnithe ar an lá a léamh anseo

Rinne na Comhaltaí tuilleadh athbhreithnithe ar an dréacht a scaipeadh maidin Dé Domhnaigh tar éis plé comhchéime.   Is féidir teacht ar an gcóip den pháipéar ballóide deiridh ar chaith na Comhaltaí vóta air anseo

Tá briseadh síos mionsonraithe ar thorthaí na ballóide, arna bhfógairt ag an gCathaoirleach, ar fáil anseo

Tá tras-scríbhinn iomlán ar imeachtaí an lae ar fáil le léamh anseo.  

Breithniú

Ghlac na saoránaigh páirt i bplé comhchéime le linn an deiridh seachtaine agus éascaitheoirí ag gach bord chun cabhrú leo. Tá breis eolais faoin bpróiseas éascaithe ar fáil anseo.

Tugadh an t-ábhar céanna do gach bord chun tús a chur leis an gcomhrá

Thug na Comhaltaí faoi chleachtadh machnaimh faoi na gnéithe lena bhféadfadh an Stát tír cheannródaíoch a dhéanamh d'Éirinn maidir le dul i ngleic le hathrú aeráide ar mhaith leo a fheiceáil á gclúdach nó aon tuairimí ábhartha eile a dhéanamh ina leith. Tá cóip den cháipéis a chomhlánaigh siad le fáil anseo

Baill

Tá liosta de na Comhaltaí a bhí i láthair ag an dara chruinniú ar an an bealach is fearr le dul i ngleic leis na dúshláin agus deiseanna a bhaineann le daonra atá ag dul in aois  le fáil anseo