Skip to main content Skip to main menu

Ceisteanna a Chuirtear go Minic

C1. Céard é Tionól na Saoránach?

F. Is é a bhí i dTionól na Saoránach ná grúpa de shaoránaigh na hÉireann atá bunaithe le plé a dhéanamh ar cheisteanna áirithe a chuirfidh Tithe an Oireachtais faoina bhráid. Tríd is tríd, bhí sé cosúil leis an tsamhail a bhí i gceist leis an gCoinbhinsiún ar an mBunreacht, a mhair ó 2012 go 2014.

Fágann an tsamhail seo go dtugtar deis do dhaoine ó chúlraí éagsúla sa phobal éisteacht le cur i láthair ó shaineolaithe agus ó ghrúpaí sochaí sibhialta agus dul i mbun plé stuama tomhaiste, agus ansin moltaí a dhéanamh don Stát ar na roghanna atá ar fáil.

Bhí iarrtha ar an Tionól féachaint ar na ceisteanna seo a leanas:

        1. an tOchtú Leasú ar an mBunreacht;
        2. an bealach is fearr le dul i ngleic leis na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le daonra atá ag dul in aois;
        3. téarmaí seasta Oireachtais;
        4. an bealach a reáchtáiltear reifrinn;
        5. mar a fhéadfaidh an Stát tír cheannródaíoch a dhéanamh d'Éirinn maidir le dul i ngleic le hathrú aeráide.
C2. Cé hé/hí an Cathaoirleach?

F. Cheap an Rialtas an tOnórach Mary Laffoy an 27 Iúil 2016 ina Cathaoirleach ar an Tionól.

C3. Cé hiad na Baill?

F. Bhí 100 Ball sa Tionól, an Cathaoirleach ina measc. Bhí Baill a bheidh ionadaíoch ar thuairimí mhuintir na hÉireann á roghnú go randamach agus bhí na Baill sin ionadaíoch ar an tsochaí trí chéile mar a léiríonn an Daonáireamh í, ó thaobh aoise, inscne, aicme shóisialta agus réigiúin etc. Lena chois sin, chaith siad a bheith ar an gclár toghthóirí chun vótáil i reifreann.

C4. Conas is féidir liom a bheith i mo Bhall?

F. De bharr go bhfuil an próiseas roghnaithe iomlán randamach, ní féidir le duine iarratas a dhéanamh ar bheith ina Bhall beag ná mór.

C5. An bhfuil aon sonraí eile ar fáil ón 99 Ball etc.?

F. Mar a fhoráiltear sa Rún a cheadaigh bunú an Tionóil Saoránach, caithfidh an 99 saoránach agus an 99 ionadaí a bheith i dteideal vótáil i Reifreann. 

Cé go bhfuil ainmneacha agus ainm ginearálta na gceantar arb as do na Baill ar fáil ar www.citizensassembly.ie, coimeádfar sonraí pearsanta eile na mBall go hiomlán faoi rún.

C6. Náisiúntacht na mBall?

F. Mar a fhoráiltear sa Rún a cheadaigh bunú an Tionóil Saoránach, caithfidh an 99 saoránach agus an 99 ionadaí a bheith i dteideal vótáil i Reifreann agus dá réir sin, a bheith ina Saoránaigh de chuid na hÉireann. 

Cé go bhfuil ainmneacha agus ainm ginearálta na gceantar arb as do na Baill ar fáil ar www.citizensassembly.ie, coimeádfar sonraí pearsanta eile na mBall go hiomlán faoi rún.

C7. Cén fáth nach ligtear do bhaill de ghrúpaí abhcóideachta a bheith ina mbaill den Tionól?

F. Sular cuireadh tús leis an bpróiseas earcaíochta maidir le Baill an Tionóil Saoránach, beartaíodh go gcuirfí as an áireamh baill de ghrúpaí a dhéanann abhcóideacht ar na hábhair atá le breithniú ag an Tionól.

Is é is cúis leis an gcinneadh seo go n-iarrfar ar ghrúpaí leasa cur i láthair/aighneachtaí a dhéanamh ar na ceisteanna atá ag déanamh tinnis dóibh.

Chun an t-eolas seo a dheimhniú, fiafraíodh, le linn an phróisis earcaíochta, de dhaoine a d'fhéadfadh a bheith ina mBaill den Tionól an bhfuil, an raibh nó an raibh sé i gceist acu gníomhú i ról abhcóideachta thar ceann aon ghrúpa leasa nó grúpa stocaireachta atá i mbun feachtais maidir le haon cheann de na ceisteanna atá le breithniú ag an Tionól. Fiafraíodh an méid seo an athuair le linn do REDC, a chuaigh i mbun earcaíochta thar ceann an Tionóil, glaoch teileafóin bailíochtaithe a chur ar dhaoine a d'fhéadfadh a bheith ina mBaill. Cuireadh as an áireamh daoine a dúirt go raibh baint acu le grúpa dá leithéid.

Mar sin féin, níor cuireadh/ní chuirfear as an áireamh baill a bhfuil tuairimí nochta acu cheana ar cheisteanna a bheidh faoi bhráid an Tionóil.  Toisc gur go randamach a roghnaíodh daoine, d'fhéadfadh go mbeadh Baill ann a aontaíonn le taobh amháin de dhíospóireacht nó le taobh eile di. D'fhéadfadh nach mbeadh aon tuairim fós ag baill eile.  Bheifí ag súil nach lia duine ná tuairim agus seo ceann de bhuanna an Tionóil.

Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil ar bhallraíocht an Tionóil.  

C8. Cén fáth nár tugadh cuireadh do dhaoine thar sáile a bheith ina mBaill?

F. Foráladh le Rún an Oireachtais a cheadaigh Bunú an Tionóil Saoránach gur 100 Ball a bheidh sa Tionól, mar seo a leanas: — Cathaoirleach a bheidh le ceapadh ag an Rialtas; agus 99 saoránach.  Ba cheart go mbeadh na 99 saoránach seo i dteideal vótáil i reifreann.

Más saoránach Éireannach thú a bhfuil cónaí ort thar lear, ní féidir thú a chur ar chlár na dtoghthóirí.  Ciallaíonn sé nach féidir leat vóta a chaitheamh i dtoghchán ná i reifreann anseo in Éirinn.  An t-aon dream a ndéantar eisceacht díobh ina thaobh seo ná iad siúd a bhfuil vóta poist acu ach a d'fhéadfadh a bheith taobh amuigh den Stát – oifigigh Éireannacha (agus a gcéilí) atá ar dualgas thar lear is mó a bheadh i gceist anseo agus baill den arm (ar gá dóibh vótáil tríd an bpost ar aon chaoi).

Tá glaoch ar aighneachtaí ó ghrúpaí ionadaíocha, eagraíochtaí saoránaigh agus baill den phobail, áit a nochtfaidís a dtuairimí roimh chruinnithe Tionóil, déanta sna meáin náisiúnta.  Tá an próiseas seo tábhachtach ó thaobh deis a thabhairt don phobal trí chéile, do ghrúpaí abhcóideachta agus dóibh siúd atá ag maireachtáil thar sáile ionchur a bheith acu i bpróiseas an Tionóil Saoránach. 

C9. Inrochtaineacht an Tionóil Saoránach

F. Agus iad ag cur REDC ar an eolas sular earcaíodh daoine, chuir Rúnaíocht an Tionóil Saoránach in iúl gur gá Alt 27 agus Alt 28 den Acht um Míchumas a chomhlíonadh, agus d'iarr siad go gcuirfí forálacha an Achta in iúl do gach duine a rachadh i mbun earcaíochta. Mar chuid den mhéid sin, cuireadh in iúl go soiléir do lucht na hearcaíochta go bhféachfadh an Tionól lena chinntiú go mbeadh rochtain iomlán ar ábhar oibre an Tionóil sa chás go roghnófaí go randamach duine atá faoi mhíchumas.

Roghnaíodh baill go randamach ón gclár toghcháin agus tá siad ionadaíoch, ar an mórgóir, ar athróga deimeagrafacha, faoi mar a léiríodh iad sa Daonáireamh, ó thaobh aoise, inscne, aicme shóisialta agus réigiúin.  Chuaigh agallóirí i mbun earcaíochta ó dhoras go doras i bpointí samplála a roghnaíodh fud fad na tíre.   Roghnaíodh na pointí sin d'fhonn a bheith ionadaíoch ar an daonra trí chéile, bunaithe ar an eolas a fuarthas ón daonáireamh is déanaí.

Déanfaidh Rúnaíocht an Tionóil a seacht ndícheall a chinntiú gur féidir teacht ar na seirbhísí go réidh agus go bhfuil siad freagrúil, a oiread agus is praiticiúil agus is cuí, do dhaoine faoi mhíchumas. Sa mhéid sin, déanfar na himeachtaí poiblí ar fad de chuid an Tionóil a shruthú beo i gcuideachta ateangaire comharthaíochta.

C10. Conas a reáchtálfar na cruinnithe?

F. Is é is cuspóir leis an Tionól ná ardán a thabhairt do phlé agus do dhíospóireacht atá bunaithe ar eolas, deis a thabhairt an dá thaobh den díospóireacht a chur in iúl agus éisteacht le tuairimí na mBall. 

Tríd is tríd, is mar seo a leanas a bheidh na cruinnithe leagtha amach:

  • Réamhrá ón gCathaoirleach
  • Cur i láthair ó shaineolaithe
  • Cur i láthair ó ghrúpaí sochaí sibhialta agus ó ghrúpaí abhcóideachta
  • Aighneachtaí ón bPobal a Bhreithniú
  • Seisiúin Ceisteanna agus Freagraí agus Díospóireachtaí
  • Plé comhchéime

Tar éis an phlé seo, chaith vóta ar gach ceist a chuirtear faoi bhráid an Tionóil agus rinne moltaí chuig Tithe an Oireachtais bunaithe ar thuairimí fhormhór na mBall. 

Ansin tabharfaidh an Rialtas freagra maidir le gach moladh ón Tionól agus, sa chás go bhfuiltear ag glacadh leis an moladh, cuirfidh in iúl an t-am a bheadh i gceist chun reifreann gaolmhar a reáchtáil.

C11. An íoctar Baill as freastal ar an Tionól?

F. Níor íoc Baill as an méid ama a chaitheann siad ag glacadh páirte sa Tionól. Cuirfear lóistín ar fáil do Bhaill san óstán ina mbeidh an Tionól agus cuirfear béilí ar fáil. Íocfar costais taistil freisin.

C12. Cá mbeidh an Tionól lonnaithe?

F. Roghnaíodh an Grand Hotel, Mullach Íde, chun cruinnithe an Tionóil.

C13. Cé aige a bhfuil cead freastal ar chruinnithe den Tionól mar bhreathnóir?

De réir Rialacha agus Nósanna Imeachta an Tionóil, ní bheidh teacht ag baill an phobail ar chruinnithe an Tionóil Saoránach ach déanfar na seisiúin iomlánacha a shruthú beo ag  www.citizensassembly.ie.

Mar sin féin, aithnítear go bhféadfadh leas dlisteanach a bheith ag eagraíochtaí/daoine áirithe a bheith i láthair ag na cruinnithe d'fhonn a bhfuil ag tarlú iontu a fheiceáil lena dhá shúil. 

Mar gheall air sin, féadfar cead a thabhairt d'ionadaithe ó na catagóirí seo a leanas a bheith i láthair ag na seisiúin iomlánacha de chruinnithe an Tionóil Saoránach:

  • Grúpaí Abhcóideachta, Eagraíochtaí Neamh-Rialtais agus grúpaí Creidimh
  • Ambasáidí
  • Páirtithe Polaitíochta
  • Lucht Acadúil
  • Páirtnéirí Sóisialta

Tá níos mó eolas ar fáil anseo

C14. Rinne mé aighneacht leis an Tionól maidir le ceist an Ochtú Leasú.  Toilím go ndéanfaí m'aighneacht a phoibliú, ach ní fheicim an táb 'Toilím' áit ar bith chun mo bheannacht a thabhairt don mhéid sin. Mar sin, ba mhaith liom m'aighneacht a sheoladh an athuair chun a chinntiú go ndéanfar poiblí í.  

F. Déanfar gach doiciméad a fhaigheann rúnaíocht an Tionóil a liostú ar an láithreán gréasáin agus a thaispeáint in éineacht le hainm an duine/na heagraíochta a sheol é, más cuí. Coimeádann an Tionól Saoránach an ceart gan glacadh le haighneacht má mheastar é a bheith maslach nó míchuí.

C.15 Is mian liom aighneacht a dhéanamh ach tá mo scéal pearsanta agus príobháideach agus níor mhaith liom go ndéanfaí m'ainm, ná aon sonraí a d'fhágfadh go n-aithneofaí mé, a fhoilsiú. An féidir leat cabhrú liom?

F. Tá sé i gceist gach aighneacht a gheofar a fhoilsiú.   I gcás scéalta pearsanta agus aighneachtaí íogair, bainfear amach na sonraí pearsanta go léir agus sonraí inaitheanta gaolmhara.  

C16. Fiosrú re: an próiseas a bhaineann le cinneadh cé na hábhair eile a d'fhéadfadh a bheith á mbreithniú ag an Tionól i rith na bliana; de réir na dtéarmaí tagartha.

F. Deirtear i Rún an Oireachtais a cheadaigh Bunú an Tionóil Saoránach go dtugann Dáil Éireann dá haire go n-iarrfar ar an Tionól cibé nithe eile a chuirfear faoina bhráid.

Mar sin, is é ár dtuiscint gur faoi Thithe an Oireachtais a bheadh sé aon ábhair bhreise a chur faoi bhráid an Tionóil.