Téarmaí Tagartha
I mí Feabhra 2022, chinn an Oireachtas go ndéanfar Tionól Saoránach a ghairm chun breithniú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas, chun cibé moltaí a dhéanamh is cuí leo agus le tuairisciú do Thithe an Oireachtais:
Tionól Saoránach ar Chailleadh na Bithéagsúlachta, le 100 comhalta san iomlán, lena n-áirítear Cathaoirleach neamhspleách agus 99 nduine den phobal a roghnófar go randamach, chun a scrúdú conas is féidir leis an Stát feabhas a chur ar an bhfreagra a thabharfaidh sé maidir le saincheist chailleadh na bithéagsúlachta, agus chun moltaí maidir leis an gcéanna a thabhairt ar aghaidh. Breithneoidh an Tionól na nithe seo a leanas, inter alia:
- na gnéithe idirnáisiúnta, Eorpacha, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla d’éigeandáil chailleadh na bithéagsúlachta;
- na bagairtí ó chailleadh na bithéagsúlachta agus na deiseanna chun an cailleadh sin a iompú thart;
- na príomhúdair le cailleadh na bithéagsúlachta, a dtionchair agus an deis chun dul i ngleic leis na húdair sin;
- dearcadh an phobail i gcoitinne, agus dearcadh grúpaí ionadaíocha, grúpaí tathanta, saineolaithe agus lucht ceaptha beartas, i dtaobh chailleadh na bithéagsúlachta agus i dtaobh a thionchair ar Éirinn;
- deiseanna chun comhleanúnachas níos fearr beartais agus sineirgí straitéiseacha a fhorbairt idir an beartas bithéagsúlachta agus tosaíochtaí beartais eile, lena n-áirítear forbairt eacnamaíoch, gníomhú ar son na haeráide, forbairt inmharthana agus turasóireacht, ach gan a bheith teoranta dóibh;
- deiseanna chun tuiscint níos fearr i measc an phobail, agus tacaíocht le haghaidh gníomhú ar bhonn práinne mar fhreagra ar éigeandáil chailleadh na bithéagsúlachta, a chur chun cinn; agus
- deiseanna chun freagra an Stáit ar dhúshlán chailleadh na bithéagsúlachta a fheabhsú, an chaoi is fearr chun acmhainní a chur ar fáil don fhreagra sin agus é a chur i bhfeidhm ar mhodh straitéiseach comhordaithe, agus an chaoi inar féidir dul cinn a thomhas;